Cúlra na Scoile

Stair na Scoile
Bunaíodh an Pobalscoil i 1973 nuair a cónascadh Ard Scoil Mhuire (meánscoil i Machaire Chlochair a bunaíodh i 1957) agus an Ghairm Scoil (Ceardscoil a bhí lonaithe i Srath na Corcra ó 1966). Bhí an Pobalscoil ag reáchtáil idir an dá fhoirgnimh go 1980 nuair a tógadh scoil úr ar an Luinnigh a fosclaíodh go hoifigiúl ar an 3ú Bealtaine 1982. Cuireadh cuid mhór seomraí agus áiseanna breise leis an scoil ó shoin. Páirc Peile 2001 Seomraí Feistis 2005 agus Halla Spóirt 2012, Seomraí breise 2016, Aonad úr oideachais agus seomraí breise 2022.

Faoi Láthair
Faoi láthair tá suas le 451 scoláire ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá 43 muinteóir, 7 cúntóir do riachtanaisí speisialta (SNA), 2 oibrí oifige, 1 cúramaí, 1 cúntóir teanga agus glantóirí. Tá réimse leathan ábhair agus cláir le fáil sa Phobalscoil agus leis an tSraith Shóisearach úr  tá an réimse seo ag fás go leanúnach.

An Tódhchaí
Is cinnte go bhfuil athruithe móra ag teacht ar an chóras oideachais sa tír seo. Caithfidh Pobalscoil Ghaoth Dobhair  cur leis an fhorbairt seo agus é  mar aidhm againn tuilleadh forbartha a dhéanamh i gcursaí acadúla agus cur lenár n-áiseanna sa dóigh  is go mbeidh oideachas den scoth tré mheán na Gaeilge a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht.