Tá an fhoireann chúraim ag cuidiú le scoláirí a bhfuil fadhbanna acu nó atá faoi strús nó a bhfuil deacrachtaí acu ar bhealach ar bith. Beidh an fhoireann ag déileáil le tuismitheoirí agus le heagrais taobh amuigh den scoil chun cuidiú le na scoláirí tabhairt faoi na dúshláin atá ós a gcomhar. Ar an fhoireann chúram tá an Príomh Oide, Leas Príomh Oide, Múinteoir Gairm Threoir, Múinteoir Acmhainní, an Séiplíneach, an Múinteoir Corp Oideachas agus Múinteoir Béarla.
![]() |
![]() |
“Sár Scoil Amháin”
Tá meabhairshláinte agus cúrsaí folláine an aosa óig an-tábhachtach sa scoil. Ba mhaith linn go mbeadh ár scoile mar áit ina gcothaítear agus ina gcuirtear luach ar mheabhairshláinte agus ar fholláine.
Tá an scoil páirteach sa tionscnamh “Sár Scoil Amháin” i gcomhair le Jigsaw. Is é aidhm an tionscnaimh seo nó tacú lenár bpobal scoile meabhairshláinte na hóige a chur chun cinn. Déanfar seo le comhoibriú i gcomhpháirtíocht le scoláirí, baill foirne, tuismitheoirí agus caomhnóirí, ionas gur féidir le daoine óga tacaíocht a fháil ó dhaoine fásta a bhfuil eolas agus scileanna meabhairshláinte acu, sa bhaile agus ar scoil.
Bronnadh Gradam Óir Sár Scoil Amháin ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair i mí Dheireadh Fómhair 2023. Is aitheantas atá sa ghradam seo as an obair ar dóigh atá déanta ag ár scoláirí, na tuismitheoirí agus foireann na Pobalscoile chun feasacht meabhairshláinte a mhéadú sa scoil. Comhghairdeas libh uilig. Rinne Amy McRory ó Jigsaw an bronnadh oifigiúil sa scoil.
Amy McRory ó Jigsaw, Susan Ní Loinsigh agus Leas Príomhoide, Nigel Mac Pháidín