Tá an peil gaelach i croí lár paróiste Gaoth Dobhair agus tá traidisiún iontach láidir sa scoil ó thaobh an pheil ghaelach. Tá seo le feiceáil ar fhoireann an chontae ina bhfuil iardhaltaí de chuid na scoile ar nós Daire Ó Baoill, Odhrán Mac Niallais agus Odhrán Mac Phaidín Ó Fearraigh ina bpríomh imreoirí le roinnt blianta anuas. Bhí an bua ag an fhoireann faoi 14.5 I gCorn Uladh Gerry Browne in 2022 agus bhain an foireann faoi 16.5 cluiche ceannais Uladh amach chomh maith.