POLASAÍ CAIDRIMH AGUS GNÉASACHTA
Raon
Baineann an pholasaí seo maidir le caidrimh agus gnéasacht, le gach ghné den
mhúinteoireacht agus den fhoghlaim. Baineann sé le foireann na scoile, scoláirí,
tuismitheoirí/caomhnóirí, an Bord Bainistíocht agus aoi-chainteoirí.
Caidreamh le Ráiteas Físe agus Éiteas na Scoile
Tá dlúth-cheangal idir an pholasaí seo agus éiteas na scoile mar atá leagtha síos san
Ráiteas Físe.
Tá sé mar phríomh aidhm ag an Phobalscoil an duine a fhorbairt go hiomlán.
Ciallaíonn sé seo forbairt ar ghach ghné de shaol shóisialta an duine, saol spioradálta,
chruthaitheach, intleachtach, aeistéitiúil, fisiceach agus morálta.
Réasúnaíocht
Tá gnéasacht ina gné de fhorbairt shóisialta agus pearsanta an duine. Tugtar
teachtaireachtaí áirithe maidir le gnéasacht agus gníomhaíocht ghnéasach do dhaoine
óga. Is é freagracht na scoile, chomh maith le tacaíocht ó na tuismitheoirí, beartú ar
an dóigh is fearr le na scoláirí a theagasc. De réir an Acht Oideachais 1998 caithfidh
na scoltacha cuidiú chun gnéithe mhorálta, spioradúil, sóisialta agus pearsanta na
scoláirí a fhorbairt agus oideachas shláinte a chur ar fáil dóibh.
Deireann Dréacht Threoirlínte an RSE (NCCA, Meitheamh 1995, 1.2) go bhfuil
Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte forbarthach i nádúr agus oiriúnach do
aois, ábharaíoch agus modheolaíochta.
Tá clár an RSE leagtha amach chun an prionsabal agus an patrún seo a leanacht.
Chomh maith leis na ceachtanna ar leith a leanann clár an OSPS, clúdaíonn sé rudaí
eile fosta cosúil le meoin shláintiúil don ghnéasacht agus ár gcaidrimh le daoine eile.
Bíonn OSPS ag déileáil le ceisteanna cosúil le féin mhuinín, treallúsach, cumarsáid
agus scileanna cinnteoireachta – a chuireann go mór le héifeacht an chlár.
Aidhmeanna an Chlár Oideachais Ghnéasacht agus Chaidrimh:
- Cuidiú le scoláirí cairdeas agus caidreamh a thuiscint agus a fhorbairt.
- Tuiscint ghnéasacht a fhorbairt.
- Meoin dearfach a chruthú faoi a ghnéasacht féin agus a gcaidrimh le daoine
eile. - Iad a chur ar an eolas faoi ghiniúint.
- Meoin na scoláirí a fhorbairt faoi ghnéasacht ó thaobh morálta, spioradálta,
agus sóisialta a thacaíonn le polasaí éiteas na scoile. - Deis a thabhairt do na scoláirí foghlaim faoi chaidrimh agus gnéasacht i
mbealaigh a chuidíonn leo gníomhú go morálta, cineálta agus freagrach.
Caithfear a aithint gur mian-aidhme iad seo i gcúrsa a bhfuil teorann ama aige.
Ról agus Freagracht
Tá an Bord Bainistíocht freagrach as an pholasaí a dhaingniú agus tá foireann na
scoile freagrach as é a chur i bhfeidhm.
Tuismitheoirí
Aithníonn an scoil an ról atá ag an tuismitheoir i bhforbairt agus i bhfeidhmiú an
pholasaí. Is iad na tuismitheoirí príomh theagascóirí an pháiste agus creideann an
scoil go bhfuil an ról atá acu maidir le Oideachas Ghnéasacht agus Chaidrimh iontach
tábhachtach.
Is féidir le tuismitheoirí leabhráin eolais maidir le Oideachas Ghnéasacht agus
Chaidrimh a fháil ó Fheidhmeannach na Seirbhísí Sláinte. (HSE)
Tá cóip den pholasaí ar fáil do thuismitheoirí. Cuirfear litir maidir le Oideachas
Ghnéasacht agus Chaidrimh chuig tuismitheoirí na Chéad Bhliana sula dtosaíonn an
mhodúl.
- De réir an Acht Oideachais 1998 is féidir le tuismitheoir/caomhnóir a bpáiste a
thógáil ón chlár O.G.& C. nó i gcás go bhfuil an scoláire 18, is féidir leo féin an
clár a fhágáil. - Más mian le tuismitheoir/caomhnóir go bhfágfadh a bpáiste an chlár, caithfidh
siad foirm, a tugadh don scoláire sular cuireadh tús leis an chlár, a líonadh
isteach.
Ag Tabhairt Comhairle
Tá sé mar aidhm ag an scoil eolas ginearálta a chur ar fáil ar nithe agus ar
cheisteanna ghnéasacht ach gan comhairle pearsanta a thabhairt, cuirfear eolas nó
comhairleoireacht ar fáil faoi gach ghné de iompar ghnéasacht agus frithghiniúint,
nuair atá gá leis. Caithfidh an comhairle seo a bheith oiriúnach do aois an pháiste.
Ceisteanna díreach
B’fhéidir nach mbeadh sé fóirsteanach ceisteanna áirithe a fhreagairt sa rang. Is
féidir leis an mhúinteoir sin a rá. Má tá ceist éigin atá imní ar an mhúinteoir faoi, is
féidir léi/leis comhairle a fháil ón Phríomhoide. Ag déanamh cinneadh ar chóir dó/di
ceist a fhreagairt, caithfidh an mhúinteoir aois agus ullmhacht an scoláire, ábhar an
clár agus polasaí O.G.& C., chomh maith le éiteas na scoile a chuir san áireamh.
Rúndacht
Tá sé mar pholasaí ag an scoil go gcaithfidh an mhúinteoir an Phríomhoide a chur ar
an eolas láithreach má shíleann siad go bhfuil an scoláire i mbaol mí-úsáide, nó an dlí
a bhriseadh. Déanfaidh an Príomhoide cinneadh ar cheart inseacht do na
tuismitheoirí nó na húdaráis cuí, agus is féidir leo comhairleoireacht a eagrú don
scoláire.
I gcás go bhfuil eolas goilliúnach roinnte, tá sé tábhachtach go gcuirtear an scoláire ar
an eolas faoi:
- Nach dtig leis an mhúinteoir gealltanas thabhairt maidir le rúndacht
- Gur féidir ábhar/ceist a chur faoi bhráid an Phríomhoide, agus na tuismitheoirí
má chreideann an Príomhoide gur ar mhaith leis an pháiste é. - Caithfidh an mhúinteoir cinneadh proifisiúnta a dhéanamh maidir le eolas a
thugadh di/dó, a choinneáil faoi rún. - Caithfidh an mhúinteoir seo uilig a dhéanamh soiléir don scoláire agus ansin is
féidir leis an scoláire cinneadh a dhéanamh más mian leo leanacht ar aghaidh
leis.
An difríocht idir gnéithe Bitheolaíochta agus gnéithe neamh-bhitheolaíochta
den oideachais ghnéasacht
Tá sé mar pholasaí ag an scoil gurbh é An Roinn Oideachais agus Scileanna a
shocraíonn cé na gnéithe den ghiniúint a theagascfar sa rang Bitheolaíocht.
Ag baint úsáid as Aoi-chainteoirí agus Eile
Tá sé mar pholasaí ag an scoil gurbh iad na múinteoirí atá aithne ag na scoláirí orthu
a dhéanfaidh an mhórchuid den chlár O. G. & C. a theagasc. Is féidir le aoi-chainteoirí
cur go mór leis an eolas chomh fada go bhfuil siad in úsáid i bpáirtíocht leis an chlár.
Cuirfear cóip de pholasaí an O. G. & C. ar fáil do aoi-chainteoirí.
Homaighnéachais
Ní chóir do mhúinteoirí tosaíocht a thaispeáint ar bhealach amháin thar bealach eile,
dá bhrí sin tá sé nádúrtha gur chóir homaignéachais a phlé sa chlár ghnéasacht.
Ceann de na buntáistí de seo ná go gcuirtear an eolas ceart ar fáil seachas mí-
thuiscintí. Ba chóir go mbeadh an plé a dhéantar ar homaighnéachais oiriúnach do
aois na scoláirí.
Frith-ghiniúint
Déanfar plé ar an topaic seo go hoscailte agus arís caithfidh sé a bheith oiriúnach do
aois an scoláire. Déanfar gach ghné de na ceisteanna a phlé ar mhodh neodrach.
Oideachas Riachtanas Speisialta
Is dócha go mbeidh breis tacaíocht de dhíth ar scoláirí atá riachtanais speisialta acu
chun déileáil le cúrsaí mothúcháin fisiceach agus araile, b’fhéidir go mbeidh breis
cuidiú de dhíth orthu faoin iompar atá cuí.
Tacaíocht, Forbairt agus Measúnacht Leanúnach
Cáilíochtaí: Níl feidhm ar mhúinteoirí atá ag obair san earnáil seo a bheith ina
saineolaithe. Caithfidh siad áfach a bheith tuisceana ó thaobh riachtanais na ngrúpaí
agus a bheith ábalta ceisteanna a phlé go hoscailte.
Cuirtear traenáil in-seirbhís ar fáil go rialta do mhúinteoirí agus sula dtosaíonn siad
ag teagasc an chuid seo den churaclam.
Eolas
Is féidir Eolas, Comhairle agus tacaíocht a fháil ó Seirbhís Tacaíochta SPHE atá ina
pháirtíocht idir An Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Sláinte agus Leanaí
agus Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte a bhfuil comhcheangal acu le Institiúid
Oideachais Marino.
Seirbhís Tacaíochta SPHE: (01) 805 7718
Iar-Bhunoideachais
Facs: (01) 853 5113
[subpages]