POLASAÍ GAEILGE
Is Pobalscoil lán Ghaelach í Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Freastalann an Phobalscoil ar pharóiste Ghaoth Dobhair agus ar íochtar na Rosann agus tá cúpla teaghlach as Cloich Cheann Fhaola ag freastal ar an scoil fosta.
Cé gur ceantar Gaeltachta í, tá cuid mhaith teaghlaigh ag freastal ar an scoil nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ach mar gur í an t-aon scoil dara leibhéal sa pharóiste, tá siad ag freastal ar a bPobalscoil féin. Dhéanfaidh an Pobalscoil, tré cooibriú lena heagraisí áitiúla gach iarracht ranganna breise Gaeilge a chur ar fáil do na teaghlaigh sin. Mar sin féin, is tré mheáin na Gaeilge a reáchtálfar achan ghné de shaol na scoile agus is i nGaeilge amháin a bhéas teagasc an tseomra ranga. Glacadh leis ag ceardlann a stiúraigh Neasa Ní Chinnéide ar an 17/01/2003 sa scoil (‘Dúchas agus Dúshlán’) go raibh ról ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair i múineadh cultúr agus teanga tríd an churaclam ar fad agus go bhféadfadh an scoil a bheith mar ‘Ionad barrfheabhais’ ó thaobh múineadh cultúir agus teangan de.
Ag ceardlann faoi stiúr Meitheal Teanga an Iar Thuaiscirt, a bhí ar siúl sa scoil ar an 27ú Lúnasa 2015, glacadh leis go mbeadh comhoibriú idir an Meitheal Teanga agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair i gcur chun cinn agus i gcaomhnú na Gaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht.
1. Tábhacht
Tuigeann an Phobalscoil tábhacht na Gaeilge mar ár dteanga náisiúnta (Alt 8 de Bhunreacht 1937) agus an príomhtheanga oifigiúil. Tuigeann muid tábhacht na Gaeilge mar theanga ár sinsear sa Ghaeltacht leis na céadta bliain agus tábhacht na hoidhreachta uilig a ghabhann léi. Tuigeann muid go bhfuil sé de dhualgas orainn an
teanga a chothú, a chaomhnú agus a bhronnadh ar an chéad ghlún eile agus muid ag tacú le straitéis fiche bliain na Gaeilge.Tuigeann muid na buntáistí phraiticiúla atá leis an Ghaeilge don macléinn sa scoil – líofacht Gaeilge agus iad ag lorg gairme nó poist, pointí bónuís sna scrúdaithe poiblí, scoláireachtaí Gaeltachta na Roinne Oideachais agus Scileanna, tábhacht na Gaeilge sa chóras oideachais mar ábhar éigeantach agus mar ábhar riachtanach ag leibhéal Ardchúrsa dá lán cúrsaí, agus an bhuntáiste mhór atá ag na scoláirí ón Ghaeltacht agus iad ag lorg áite sna coláistí oiliúna.
2. Cultúr na Scoile
Mar Phobalscoil Ghaeltachta, déanfaidh an scoil gach iarracht gnéithe den chultúr agus den tsaíocht Ghaelach agus Ghaeltachta a chur ’un tosaigh – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, díospóireachtaí, caint phoiblí agus a leithéidí. Beidh obair na mac léinn i gcomórtais áitiúla agus náisiúnta. e.g. Cumann Staire Thír Chonaill, Comórtas BT an Eolaí Óig, agus a leithéidí, i nGaeilge i gcónaí.
3. Fógraí Scoile
Is tré mheán na Gaeilge amháin a dhéanfar gach fógra scoile do scoláirí.
4. Dialann Scoile
Beidh an dialann scoile i nGaeilge amháin agus beidh gach comhfhreagras sa dialann i nGaeilge, ach amháin i gcásanna eisceachtúla nuair nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag tuismitheoirí sa bhaile. Sna cásanna eisceachtúla seo beidh an chomhfhreagrachas dhá theangach.
5. Earcú Foirne
Mar Phobalscoil lán Ghaelach, tá sé éigeantach go mbeadh Gaeilge líofa ag gach ball den fhoireann – múinteoirí, cúntóirí riachtanaisí speisialta, foireann cúraim, foireann oifige, foireann cistine agus fostaí ar bith eile de chuid na scoile. Is í an Ghaeilge a bhéas mar theanga cumarsáide idir foireann/ fostaithe na scoile agus idir an fhoireann agus na micléinn ní amháin sa tseomra ranga ach fosta taobh amuigh de, agus ag gach imeacht scoile – cluichí, ócáidí sóisialta, turais scoile agus a leithéidí.
6. Scrúdaithe Tí agus Poiblí
Is i nGaeilge a bhéas gach scrúdú ranga nó tí a thabharfar do na micléinn. Is féidir leagan Béarla den pháipéar a thabhairt má mheasann an múinteoir go mbeadh gá lena leithéid (mar a thugtar ag na scrúdaithe poiblí). Beidh teagasc an tseomra ranga dírithe ar a chinntiú go mbeidh achan scoláire ábalta a gcuid scrúdaithe poiblí a dhéanamh i nGaeilge.
7. Timpeallacht
Beidh gach comhartha taobh amuigh agus taobh istigh den scoil i nGaeilge amháin.
8. Gaeilge i measc Scoláirí
Déanfar achan iarracht cinntiú gur í an Ghaeilge a bhéas mar theanga cumarsáide idir na micléinn iad féin taobh istigh den scoil agus i gclós na scoile.
9. Ranganna Breise Gaeilge
Cuirfear ranganna faoi leith Gaeilge ar fáil do dhaltaí atá iontach lag sa teanga nó a tháinig go dtí an ceantar le goirid.
10.Comhfhreagras
Is i nGaeilge amháin a bhéas gach comhfhreagras le tuismitheoirí. Os rud é go bhfuil a lán tuismitheoirí nach bhfuil an Ghaeilge acu, is féidir achoimre i mBéarla a chur sa chomhfhreagras le freastal orthu sin.
11.Cruinnithe
Is tré mheáin na Gaeilge a bheidh achan chruinniú scoile – cruinnithe foirne, cruinnithe le tuismitheoirí, cruinnithe an Bhoird Bhainistíochta, cruinnithe le daltaí, ionóil scoile, bronnadh gradam agus a leithéidí.
12.Téacsleabhair
Is í, an Ghaeilge teanga teagaisc na Pobalscoile. Mar sin de, úsáidfear téacsleabhair Gaeilge nuair ata a leithéidí ar fáil agus nuair ata údaráis na scoile sásta le caighdeán na leabhar sin.
Cuireadh an polasaí athbhreithnithe seo faoi bhráid Bhord Bainistíochta na Pobalscoile ar an ________ agus tá athbhreithniú le déanamh air i _______
Síniú:_______________________________
Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta
[subpages]