Polasaí Measúnachta

POLASAÍ MEASÚNACHTA

 

Ráiteas Misean

Gur áit í Pobalscoil Ghaoth Dobhair ina mbeadh ard bhéim ar mheas ar a chéile, ar neamhspleáchas, ar fhéin mhuinín agus ar an fhírinne chun timpeallacht a chothú trí mheán na Gaeilge inár féidir le daltaí agus leis an fhoireann fórbairt de réir a gcumas go pearsanta, go sóisialta, go h-intleachtuil, go spioradálta, go morálta agus go fisicúil de réir na n-acmhainní atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Eolaíocht don scoil.

 

Réimse

Tá an doiciméad seo ag déanamh cur síos ar pholasaí measúnacht na scoile o thaobh :

  • Daltaí úra na chéad bliana
  • Daltaí ata ag aistriú  ó scoilteacha eile
  • Scrúdaithe tí
  • Measúnacht Leanúnachas
  • Measúnacht dhiagnóiseach
  • Scrúdaithe Stáit
  • Agallaimh Clárlanna – IB, Áth iarrthóirí, agus LCA

 

Réasúnaíocht:

Is é aidhm an pholasaí seo nó cinntiú a dhéanamh go bhfuil na céimeanna cuí i bhfeidhm sa dóigh is go féidir leis an scoil:

  • Cinneadh a dhéanamh ar achan iarrthóir ag baint úsáid as na treoirlínte céanna
  • Le  measúnacht a dhéanamh ar gach dalta sa dóigh go bhfuil eolas ag an scoil ar a gcuid riachtanais, sa dóigh is gur féidir leis an scoil na h-acmhainní cuí a chur i bhfeidhm
  • Le tuismitheoirí / caomhnóirí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn na ndaltaí

 

Dlí

Leanann an polasaí seo na roinn de na doiciméadaí seo a leanas:

 

Education for Persons with Special Educational Needs Act 2004

  • An tAcht Oideachas, ( S.9.j, S.15.2.d, & S.27.1)
  • Education Welfare Act 2000, (S.19.1, S.19.2 & S.19.3 )
  • Equal Status Act 2000, (S.3.3, S.3.4, S.5, S.7.2 & S.7.3)

 

Aidhmeanna

Chun treoirlínte soiléir a bhunú ar

  • Gá agus feidhm Measúnacht
  • Measúnacht sa scoil go h-iomlán – gach ábhar
  • Treoirlínte a  bhunú chun measúnacht rialta a chuir i bhfeidhm

 

Cuspóirí

Le cinntiú go bhfuil:

  •  Múinteoirí ar an eolas faoi dhul chun cinn an dalta
  • Dul chun cinn déanta ag gach scoláire
  • Le tuismitheoir/ caomhnóirí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn an dalta
  • Daltaí le riachtanais faoi leith, ag fáil na h-acmhainní cearta daofa fhéin sa dóigh agus nach bhfuil siad faoi bhac.
  • Gach dalta ag oibriú ar a gcumas féin

An Feidhm le Measúnacht

I bPobalscoil Ghaoth Dobhair creideann muid gurb í an fheidhm atá le measúnacht nó na daltaí a bhogadh chun tosaigh ina gcuid foghlama féin.

 

  • Tugann an mheasúnacht pictiúr soiléir ar fhorbairt an dalta go h-oideachasúil.

 

  • Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag an múinteoir caidé atá ar eolas ag an dalta,  na coincheapanna a thuig siad agus na scileanna atá foghlamaithe acu

 

  • Tugann seo eolas don mhúinteoir ar caidé atá ar eolas ag na daltaí agus caidé a chaithfear áth-bhreithniú a dhéanamh ar

 

  • Sé’n toradh atá ag an mheasúnacht seo nó go mbíonn na dalta níos gníomhaí ina gcuid foghlama féin agus go n-ardaítear á n-ionchais féin

 

  • Caithfear measúnacht a ghlacadh go h-aonarach ach fósta caithfear  comparáid a dhéanamh leis an obair atá déanta ag an dalta cheana féin

 

  • Fósta caithfear torthaí na measúnachta a chur i gcomparáid le daltaí eile atá ar chomhaois

 

  • Déanann an measúnacht seo
    • Tuismitheoirí /caomhnóiír a chur ar an eolas faoi dul chun cinn  an dalta (maith nó olc)
    • Cuidiú le múinteoirí ina gcuid pleanála
    • Eolas a thabhairt d`Eagrais eile taobh amuigh den scoil (HSE, NEPS) chun cuidiú breise a fhail
    • An múinteoir tacaíochta foghlama a chur ar an eolas faoi dhaltaí a mbeadh deacrachtaí foghlama acu.
    • Eolas a thabhairt chun daltaí a roinnt isteach i ranganna ag an leibhéal cuí in ábhar airithe
    • Baintear úsáid as measúnacht ( DATS, Interest Inventories) lena daltaí chun cuidiú leo ábhair oiriúnacha a phiocadh don Ard Teist/ gairm

 

Cineálacha Measúnachta

 

Baintear úsáid as na measúnachta seo a leanas sa scoil:

 

  • Scrúdaithe tí – Nollaig/ Samhradh agus trial scrúdaithe
  • Scrúdaithe ranga
  • Ceisteanna  agus  freagairt
  • Obair Baile
  • Tascanna
  • Tógraí
  • Diagnóiseach
  • Tá Measunú caighdeánach Dhroim Chonrach déanta leis an 2ú Bl

 

Scrúdaithe Tí

    • Bíonn scrúdaithe tí ann do na scoláirí uilig

 

    • Bíonn na scrúdaithe seo ag dul ar aghaidh ag Nollag agus ag an Samhradh

 

    • Ag an Nollaig bíonn na scrúdaithe don 1ú  bliain déanta sa rang.

 

    • Bíonn 3 lá de scrúdaithe ansin ag an 2u, 3ú, 4ú agus 5ú Bliain.

 

    • Sa Samhradh bíonn 3 lá scrúdaithe ag an 1ú, 2ú agus 4ú bliain

 

    • Déanann an 3ú agus 5ú bliain 5 la scrúdaithe i mí Feabhra/Márta mar triail scrúdaithe don Art Teistiméireacht agus an Teastas Sóisearach

 

Níl scruduithe iontrála ar bith ann do scolairí ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair

 

Measúnacht Leanúnach

 

1ú Bl

  • Tá measúnacht fhoirmiúil i gceist do na daltaí úra  atá ag teacht isteach sa chéad bhliain.  Déantar scrúdú litriú ( WRAT4) agus scrúdú aois leitheoireachta (NGRT)  a chur ar gach dalta.
  • Beidh an scrúdú diagnóiseach CAT 4 a chur ar na daltaí uilig sa 1ú bliain chomh maith.
  • Téann  an Príomhoide i dteagmháil le na bun scoileanna chun eolas a bhailiú ar na daltaí (Sigma, Drumcondra agus Micra )

 

2ú  Bl

  •  Déantar scrúdú litriú ( WRAT4) agus scrúdú aois leitheoireachta (NGRT)  a chur ar gach dalta.
  • Tá Measunú caighdeánach Dhroim Chonrach i mbearla agus mata  déanta leis an 2ú Bl
  • Deanfar topaic faoi leith, rognaithe ag na muinteoir mata,  a theagaisc ar feadh seachtain agus scrúdú comónta ceann  a thabhairt do gach dalta. ( Beidh seo faoi churam an Roinn Mata)

 

 Bl

  • Déantar scrúdú litriú ( WRAT4) agus scrúdú aois leitheoireachta (NGRT)  a chur ar gach dalta.
  • Deanfar topaic faoi leith, rognaithe ag na muinteoir mata,  a theagaisc ar feadh seachtain agus scrúdú comónta ceann  a thabhairt do gach dalta. ( Beidh seo faoi churam an Roinn Mata)

 

 Bl

 

Déantar na scrúduithe cuí do na foirmeacha RACE mar is ga do dhaltaí faoi leith

 

Máta

 

Scrúdaithe Stáit

 

  • Leanann an scoil na rialacha atá leagtha síos ag An Roinn Oideachas agus Scileanna  maidir leis na Scrúdaithe Stáit

 

  • Bíonn ionadaí speisialta sa scoil le linn na scrúdaithe  do dhaltaí le riachtanaisí Faoi Leith

 

  • Fáigheann siad seo mar gheall ar na  foirmeacha Socruithe Réasúnacha do Scrúdaithe Teastais

 

Measúnacht mar pháirt den scoil iomlán

  • Tá an mheasúnacht mar pháirt lárnach den teagasc i bPobalscoil Ghaoth Dobhair

 

  • Tá ról ag achán mhúinteoir sa phróiseas, ní amháin an rúnaí scrúdaithe.

 

  • Úsáidtear modhanna difriúla measúnachat trasna na n-ábhar uilig.

 

  • Tá béim curtha ar obair baile in achan ábhar mar modh measúnacht

 

Taifead a choinneáil

  •  Ó thaobh scrúdaithe tí, tá na torthaí uilig stóráilte ar ríomhaire na h-oifige agus tá cruachóip de na torthaí uilig coinnithe in oifig na scoile.

 

  • Coinníonn an múinteoir ranga taifead de na scrúdaithe ranga, obair baile agus  rannpháirtíocht sa rang

 

  • Tá torthaí  na scrúdaithe stáit le fáil san oifig

 

  • Maidir le na scrúdaithe diagnóiseach tá na taifead uilig coinnithe faoi ghlas ag an múinteoir tacaíochta foghlama

 

  • Tá na scrúduithe agus  torthaí  DATS agus a léithid coinnithe in oifig an Mhúinteoir Treoir

 

Struchtúr Tuairisciú

  • Cuirtear torthaí de na scrúdaithe tí na bhaile dhá uair sa bhliain i bhfoirm cártaí tuairisce.

 

  • Tugtar torthaí do scrúdaithe ranga do na daltaí sa rang agus do thuismitheoirí / chaomhnóirí ag cruinnithe tuismitheoirí

 

  • Tugtar torthaí de scrúdaíthe diagnóiseach go pearsanta do thuismitheoirí agus an dalta

 

Acmhainní

 

  • CAT4
  • DATS
  • WRAT
  • NELSON
  • Spelling
  • Career Directions
  • Qualifax
  • Careers Portal

 

GNÍOMHAIREACHTAÍ  SHEACHTRACHA

  • Baineann an scoil úsáid as gníomhaireachta proifisiúnta taobh amuigh den scoil chun chuidiú le measúnacht, mar shampla
  • NEPS
  • Síceolaí Oideachasúil

 

 

Athbhreithniú iomlán

Deireadh Fómhair  2017

 

Chuaigh an polasaí seo chuig an Bhord Bainistíochta ar an           _______________

 

Síniú:   ___________________________________

(Cathaoirleach an Bord Bainistíochta)

Dáta: ___________________________________

 

[subpages]

 

Íoslódáil an Polasaí seo