POLASAÍ FOLLÁIN NA SCOILE
- RÉAMHRA
Caitheann ógánaigh páirt mhór dá lá ar an scoil, áit a n-itheann siad ar a laghad ceann amháin dá mbéiltí laethúil. Tá ról lárnach ag an mbaile i dtaobh cinntiú go bhfuil nósanna folláine itheacháin ag ógánaigh. Áfach, caithfidh an scoil, i dteannta le tuismitheoirí, bheith freagrach. Moltar go bhfuil cur chuige scoile uile glactha leis nuair a dhéantar forbairt ar Pholasaí Folláin Pobal na Scoile.
- CUR CHUIGE UILE SCOILE
Is é fís Pobalscoil Ghaoth Dobhair timpeallacht fisiceach agus sóisialta a chur ar fáil a spreagann itheachán shláintiúil. Cinntítear go bhfoghlaimíonn siad sa rang na teachtaireachtaí itheacháin shláintiúil agus cinnítear go bhfuil an teachtaireacht céanna sa scoil uilig.
- AIDHMEANNA
AIDHMEANNA GEARR-THÉARMACH:
- Cinntiú go bhfuil béiltí shláintiúla ar fáil ag am sosa & lóin.
- Roghanna itheacháin shláinteacháin a chur chun cinn tríd feachtais agus imeachtaí seachtaine na folláine.
- Comórtais a reachtáil i leith béiltí/ sneaiceanna slaintiúla a dhéanamh mar pháirt don Roinn Eacnamaíocht Bhaile.
- Comórtais a reachtáil i leith Sluáin Itheacháin Shlaintiúla a dhéanamh mar pháirt don Roinn Ealaíne.
- Aíonna-speisialta áitiúla le tábhacht a chur ar na buntáistí d’itheacháin folláine i dteannta le spórt, postanna sa todhchaí, meabharshláinte.
- Aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le cothú agus gníomhaíochtaí fisiceach sna ranganna Eacnamaíocht Bhaile, Eoláiocht, Corpoideachas & OSPS.
- Feachtas folláine do thuismitheoirí & daltaí a chur suas ar shuiíómh Facebook na Scoile.
AIDHMEANNA FAD-THÉARMACH:
- An fhoireann uile scoile a spreagadh bheith níos folláine tríd Feachtas Bia Folláine, Operation Transformation a dhéanamh go hinmhéanach i mí Eanáir agus An Club Folláine.
- Tuiscint níos fearr a bheith ann i leith tábhacht sláinteachais agus folláin.
- Bia shláintiúil cothaithigh a chur ar fáil sa scoil.
- Nósanna stíl shláintiúil mhaireachtála á cur chun cinn.
- Imeachtaí gníomhacha a chur ar fáil ag am lóin le Clubanna Aclaíochta, Comórtas Futsal don 1ú (Méan Fómhair), 2ú (Deireadh Fómhair) & Idirbhliain (Eanáir).
- STRÁITÉISÍ:
A: RÓL AN CHEAINTÍN
- Cosc ar Capri Suns agus uisce a dhíol ina áit.
- Nach bhfuil deochanna boga, sceallóga, milseáin ar díol sa scoil.
- Roghanna níos folláine ar fáil m.sh. uisce, súnna torthaí, bainne.
- Níl deochanna súilíneacha nó deochanna fuinnimh ceadaithe taobh istigh de thailte na scoile.
- Go mbeidh lóin folláine ar fáil faoi churám an cheaintín.
- Sneaiceanna folláine ar fáil faoi churán an cheaintín.
IMEACHTAÍ ITHEACHÁIN SHLAINTIÚIL:
Is seans idéal é Seachtain na Folláine le himeachtaí itheacháin shláintiúil a chur ar fáil do scolairí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí. Déantar na himeachtaí seo a leanas:
- Suirbhé scolairí i dtaobh roghanna bia.
- Dul i gcomhairle le Coiste na dTuismitheoirí.
- Deis a fháil torthaí difriúla a bhlasú saor in aisce.
- Stráitéis a chomheagrú leis an cheaintín chun tairscintí speisialta folláine a chur ar fáil.
- RÓL TUISMITHEOIRÍ
Tá ról tábhachtach ag tuismitheoirí cinntiú go gcloíonn a bpáistí le cleachtais mhaithe itheachtáin shláintiúil. Iarrtar ar thuismitheoirí:
- Cinntiú go bhfuil bia shláintiúil ar fáil sa bhaile.
- Cinntiú go spreagann siad páistí roghanna sláintiúla a dhéanamh i dtaobh a lóin scoile.
—————————————————————————————————————-