Polasaí Tréad Chúraim

POLASAÍ TRÉAD CHÚRAIM 2015 – 2017

 

Ráiteas Misean

Gur áit í Pobalscoil Ghaoth Dobhair ina mbeadh ard bhéim ar mheas ar a chéile, ar neamhspleáchas, ar fhéin mhuinín agus ar an fhírinne chun timpeallacht a cothú trí mheán na Gaeilge inar féidir le daltaí agus leis an fhoireann fórbairt de réir a gcumas go pearsanta, go sóisialta, go h-intleachtúil, go spioradálta, go morálta agus go fisiciúil.

 

Réamhrá:

 

Is cuid lárnach d’obair na scoile an Tréad-Chúram.  Tá an Córas Tréad-Chúraim ann chun freastal ar fhorbairt chuile bhall de phobal na scoile, foghlaim dhearfach a chur chun cinn agus gaol dearfach a chothú i measc phobail na scoile.

 

Aidhmeanna:

 

  • Forbairt chuimsitheach ar chumas iomlán na scoláirí a chur chun cinn mar atá: cumas fisiciúil, acadúil, mothúchánach agus spioradálta,
  • Atmaisféar sláintiúil, cairdiúil a chothú sa scoil,
  • Gaol dearfach a chothú i measc phobail na scoile,
  • Foghlaim dhearfach a chur chun cinn.
  • Chun talainn agus cumais na ndaltaí a chothú sa dóigh go mbeidh siad réidh fa choinne an saol atá rompu.

 

Cleachtadh Tréad-Chúraim:

 

  • Tá páirt ag gach ball den fhoireann i gcleachtadh tréad-chúraim na scoile.
  • Tá ról lárnach acu seo a leanas: an Príomhoide, an Leas-Phríomhoide, na Príomhoidí Cúnta, an Múinteoir Acmhainne, na Cúntóirí Riachtanais Speisialta agus an freagracht atá ag dul leis an ról.
  • Tá dualgais faoi leith ag dul le ról an Cheann Bhliana, an Múinteoir Ranga, an Múinteoir Treoir agus an tSéiplíneach.
  • Toisc go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbeadh cumarsáid idir na daoine thuas luaite , ba cheart cruinnithe rialta a eagrú leo agus le foireann iomlán na scoile.
  • Is cuid lárnach den chóras seo an curaclam O.S.P.S. atá leagtha síos ag An Roinn Oideachais agus Scileanna agus mar sin de an múinteoir O.S.P.S. sna ranganna sóisearacha, a bheas ar súil uair sa tseachtain.
  • Beidh an teagmháil idir an scoil agus teaghlaigh agus idir an scoil agus scoileanna eile bunaithe ar mheas, chomh-oibriú agus rannpháirtíocht.
  • Coimeádfar eolas i dtaobh scoláirí faoi rún in áit shábháilte agus roinnfear go discréideach é mar is cuí.
  • Cuirfear am ar fáil chun an Polasaí Tréad-Chúraim a áthbhreathnú go rialta.

 

Ról na Cinn Bhliana:

 

  • Tá an Ceann Bliana freagrach as gach gné de shaol scoile na scoláirí faoina gcúram.
  • Tá Ceann Bliana (nó beirt) faoi leith ag gach bliain.
  • Baineann dualgais an Chinn Bhliana le tréad-chúram, le smacht agus le dul chun cinn na scoláirí i ngach gné dá saol scoile.
  • Bíonn sé/sí/siad ar fáil chun treoir a thabhairt do scoláirí, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí, agus chun comhairle a chur orthu.
  • Téann sé/sí/siad i gcomhairle leis an bPríomhoide, an Leas-Phríomhoide, na múinteoirí, na tuismitheoirí, an Múinteoir Treoir agus an Séiplíneach nuair atá gá leis.
  • Déanfaidh sé/sí /siad mór-thionól a reáchtáil leis an bhliain-ghrúpa ag tús na scoilbliana agus nuair atá gá leis i rith na scoilbhliana.
  • Buailfidh na Cinn Bhliana leis na ranganna ag tús na scoilbhliana tar-éis laethanta saoire an tsamhraidh, chun cur síos a dhéanamh ar Rialacha agus Cód Iompair na scoile, agus chun leagan amach an lae a mhíniú.
  • Freagracht a ghlacadh as rollaí oifigiúla na scoile agus tuairiscí a ullmhú don Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais.
  • Bíonn tionól laethúla ag gach dalta ó 11.15-11.20. Tugann seo seans do na Cinn Bliana buaileadh le na daltaí go rialta.

 

Ról an  Múinteoir Ranga:

 

  • Buailfidh an t-Oide Ranga leis an rang ag am tionóil chun na dialann a iniúchadh agus an rolla a ghlacadh.
  • Taifeád ar thinreamh agus poncúlacht na scoláirí.
  • Dul i gcomhairle leis an bhfeitheoir tinrimh.
  • Labhairt le scoláirí a bhíonn as láthair nó déanach go minic, agus nach bhfuil dul chun cinn acadúil á dhéanamh acu.
  • Mí-iompar agus deacrachtaí a iniúchadh, agus taifeád a choinneál ar réiteach na faidhbe – Cód Iompair na scoile a leanúint go cruinn.
  • Úsáid a bhaint as na foirmeacha oifigiúla – tuairisc scoláire, cardaí buí/dearg agus an litir chaighdeánach chuig tuismitheoirí i dtaobh fionraí.
  • Buailfidh an Cheann Bhliana go rialta leis na múinteoirí Ranga (go neamhfhoirmiúil).

 

Ról  an  Múinteoir Treoir:

 

  • Tástáil a dhéanamh ar scoláirí, a gcumas a mheas agus curaclaim a eagrú dá réir,
  • Bualadh le grúpaí scoláirí sa chéad bhliain chun aithne a chur orthu, agus eolas a fháil amach faoi dheacrachtaí ná buaireamh a bheadh acu agus iad ag socrú sa scoil.
  • Roghnú ábhar a phlé go pearsanta le gach scoláire sa 3ú bliain,
  • Roghnú gairme a phlé go pearsanta le gach scoláire sa 4ú, sa 5ú bliain agus san Ardteist Fheidhmeach.
  • Tuairiscí rúnda ar scoláirí a choimeád go slán sábháilte
  • Nascadh le heagrais, inmheánach agus seachtrach, ar nós: NEPS, NEWB, HSE agus coláistí 3ú leibhéal (CAO, UCAS)  chun deá-bhail ár scoláirí  a chinntiú.

 

Ról  an  tSéiplínigh:

 

  • Nascadh leis an bPríomhoide, leis an Roinn Reiligiúin agus leis an bhfoireann Tréad-Chúraim chun bun chuspóir agus ethos na scoile a chur chun cinn.
  • Tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí Reiligiúin agus acmhainní a chur ar fáil dóibh.
  • Aifrinn, Searmanais Athmhuintearais, Searmanais Charúil, Searmanais Liotúirge, Laethanta Spioradálta a chur ar fáil.
  • Tréimhsí urnaí croí a chur ar fáil.

 

Polasaí an Tréad Chúram:

 

Seo a leanas na polasaithe scoile eile a bhfuil nasc acu le tréad chúram sa scoil:

  • Plean Gairme
  • Polasaí Iontrála
  • Polasaí in Éadan Tromaíocht
  • Polasaí OSPS agus RSE( le déanamh)
  • Polasaí do Eachtra Tobann
  • Cód Iompair
  • Polasaí Daltaí le breis Riachtanaisí Oideachasúil
  • Polasaí Obair Baile
  • Polasaí Cúram Leanaí

 

Foireann Cúram

 

  • Buaileann an Foireann Cúram le chéile uair amháin sa tseachtain. Ag gach cruinniú bíonn an Príomhoide, an Leas Príomhoide, an múinteoir Treoir, an múinteoir tacaíochta agus acmhainne agus an sagart. Bíonn na Cinn Bhliana i láthair fósta.
  • Pléitear dul chun cinn na ndaltaí, deacrachtaí (oideachas agus pearsanta) atá acu agus modhanna difriúla chun réiteach a fháil ar na fadhbanna seo.
  • Tá gach rud ag na cruinnithe seo faoi rún

 

Monatóireacht

 

Caithfidh monatóireacht rialta a bheith ann sa dóigh is go mbeidh tréad chúram sa scoil rathúil agus dá mbeadh athrú de dhíth go ndéanfaí é.

Tá sé molta  go mbeidh monatóireacht déanta ar an pholasaí ag deireadh na scoil bhliana agus go mbeidh athbhreithniú  iomlán air i ndiaidh 2 bhliain.

 

Ón athbhreithniú deireanach, chaill an scoil  an comhordaitheoir scoil baile. De réir sin, tá  laghdú ar an teagmháil idir an scoil agus an phobal. Tá an méid céanna oibre ann ach tá níos lú daoine agus ama leis an obair seo a dhéanam.

 

Faoi láthair tá obair le déanamh ar struchtúr an chórais mar gheall ar easpa comhordaitheoir scoile-baile.

 

 

Athbhreithniú iomlán

Deireadh Fómhair  2017

 

Chuaigh an polasaí seo chuig an Bhord Bainistíochta ar an           __________________________

 

Síniú:   ___________________________________

(Cathaoirleach an Bord Bainistíochta)

Dáta: ____________________________________

 

[subpages]

 

Íoslódáil an Polasaí seo