Tús Feidhme an Achta Oideachais (Socrú i Leith Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu) 2022 agus
Tús Feidhme na nAlt Eile Den Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) 2018
Reachtaíocht nua maidir le soláthar oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu
Aidhm an Chiorcláin
Is mian leis an Roinn Oideachais aird údaráis scoile a dhíriú ar thabhairt isteach agus ar thús feidhme an Achta Oideachais (Socrú i leith Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu), 2022 agus tús feidhme na n-alt eile den Acht Oideachais 1998 mar a tugadh isteach leis an Acht Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2018. Is iad seo ailt 67 go 70.
Tá na hathruithe ar lth 3 i ndearg.