POLASAÍ ICT
Ráiteas Físe T.E:
Scileanna praiticiúla a chur ar fáil do dhaltaí agus foireann Phobalscoil Ghaoth Dobhair chun go mbeidh féin-mhuinín agus neamhspleáchas acu ina gcuid úsáid de T.E. chun fadhbanna a réiteach go muiníneach, in am ina bhfuil dul chun cinn agus athruithe mhóra ag teacht ar an ábhar seo.
Baineann an polasaí le:
Scoláirí, Múinteoirí, Bainistíochta na Scoile agus Tuismitheoirí.
Cúis:
Forbairt eagraithe a dhéanamh ar úsáid theicneolaíochta an eolais.
Aidhmeanna:
- Go mbeadh trealamh agus áiseanna den scoth ag an scoil
- Go bhforbrófar T.E. sa scoil
- Go mbeadh úsáid T.E. sa scoil dleachtach le ceadúnas cuí, agus oiriúnach don oideachas
- Go mbeadh fáil ag na scoláirí / múinteoirí ar áiseanna cuí
- Go mbeadh an fhoireann inniúil chun teicneolaíocht an eolais a mhúineadh
- Go mbeadh seirbhís tacaíochta cuí ar fáil do T.E. sa scoil
- Go mbeadh oiliúint i dteicneolaíocht an eolais ar scoláirí don saol lasmuigh
- Deá-chleachtas a chothú in úsáid teicneolaíocht an eolais
Ábhar:
- Go mbeadh cód cleachtais d’úsáid theicneolaíocht an eolais sa scoil
- Scileanna a choinneáil suas chun dáta trí freastal ar chúrsaí inseirbhíse, go háirithe don mhúinteoir T. E.
- Múinteoirí a spreagadh chun T.E. a úsáid ina gcuid oibre
- Áiseanna a choinneáil suas chun dáta
- Acmhainn a bheith ar fáil
- Cinntiú go mbeadh bun scileanna T. E. ag na ranganna sóisearacha
- Go ndéanfadh scoláirí na hIdirbhliana cúrsa aitheanta T.E.
- Scoláirí a spreagadh chun páirt a ghlacadh I gcomórtas ríomhaireachta / idirlíon
Áiseanna:
- Tá seomra ríomhairí sa scoil le 26 ríomhaire, chomh maith le ríomhaire an mhúinteoir agus ríomhaire glúine. Tá dhá phrintéir, scanóir agus sonratheilgeoir sa seomra fosta
- Tá ríomhaire agus printéir i seomra na múinteoirí
- Tá ríomhaire glúine agus sonra-theilgeoir soghluaiste sa scoil
- Tá sonra-theilgeoir i dtromlach na seomraí ranga sa scoil
- Tá ríomhaire glúine ag tromlach na múinteoirí
- Tá dhá chlár idirghníomhach sa scoil
Cur i bhfeidhm:
- Tá pacáiste Net Support School Tutor a úsáid sa seomra ríomhairí
- Tá sonra-theilgeoir agus ríomhaire glúine curtha ar fáil do na múinteoirí
- Tá clár ama déanta amach le haghaidh an seomra ríomhairí
- Go ndéanfaidh an idirbhliain cúrsa ECDL
- Is é an oifigeach T.E. atá freagrach as deisiú agus cothabháil na ríomhairí uilig i bPobalscoil Ghaoth Dobhair
Monatóireacht:
Foireann agus bainistíochta na scoile polasaí T.E. a phlé go bliantúil.
Polasaí Úsáide Inghlactha don Idirlíne
- Beidh múinteoir i gcónaí ag déanamh maoirseachta ar na seisiúin idirlín.
- Bainfear úsáid as bogearraí scagtha nó as córais choibhéiseacha chun a chinntiú gur beag an baol a bheidh ann go dtiocfar ar ábhair neamhoiriúnacha.
- Déanfaidh an scoil monatóireacht rialta ar úsáid na h-Idirlín.
- Cuirfear oiliúint ar fáil do mhic léinn agus do mhúinteoirí i réimse na sábháilteachta Idirlín.
- Ní cheadófar uaslódáil ná íoslódáil de bhogearraí nach bhfuil formheasta.
- Bainfear úsáid as bogearraí a chosnaíonn an ríomhaire ó víris agus déanfar iad a nuashonrú go rialta.
- Beidh cead múinteora ag teastáil chun dioscaí solúbtha, bataí cuimhne, CD-ROM nó meáin stórála dhigiteacha eile nach mbaineann leis an scoil a úsáid.
- Beidh meas ag na mic léinn ar a chéile i gcónaí agus ní thabharfaidh siad faoi ghníomh ar bith a tharraingeodh droch-cháil ar ainm na scoile.
- Ní nochtfaidh mac léinn a sonraí pearsanta féin ná sonraí pearsanta duine eile, sonraí ar nós seoltaí nó uimhreacha teileafóin nó pictiúr.
An Gréasán Domhanda
Ní thabharfaidh mic léinn cuairt d’aon ghnó ar láithreáin Idirlín ar a bhfuil ábhar gáirsiúil, mídhleathach, gráiniúil nó ábhar míshásúil eile.
- Ag teacht le nósanna imeachta na scoile, tabharfaidh mic léinn tuairisc don scoil ma thagann siad ar ábhar neamhoiriúnach de thaisme.
- Úsáidfidh na mic léinn an tIdirlíon chun críche oideachais amháin.
- Ní dhéanfaidh mic léinn eolas a chóipeáil le haghaidh tascanna gan aitheantas a thabhairt don fhoinse (bradaíl agus sárú cóipchirt).
- Níl cead ag mic léinn ríomh-phost pearsanta a úsáid
- Ní nochtfaidh mic léinn faisnéis phearsanta ná ní dhéanfaidh siad faisnéis phearsanta a phoibliú riamh.
- Is sárú díreach ar bheartas um úsáid inghlactha na scoile é ábhair a chóipeáil anuas nó íomhánna nach mbaineann lena gcúrsa staidéir ag na mic léinn.
- Beidh fhios ag na mic léinn go bhféadfaí monatóireacht a dhéanamh ar úsáid an
idirlín, lena n-áirítear faisnéis a dháileadh nó a fháil, chun súil a choimeád ar ghníomhaíocht. - Níl cead seirbhísí teachtaireachtaí meandaracha a úsáid
Feistí Pearsanta
Is sárú díreach ar Polasaí Úsáid Inghlactha na scoile é mic léinn a bheith ag úsáid a gcuid teicneolaíochta féin ar scoil, mar shampla má fhágtar guthán póca ar siúl nó má úsáidtear sa rang é, má sheoltar teachtaireachtaí téacs núise, nó má ghlactar pictiúir le ceamara ar ghuthán phóca gan chead.
Glacaim go h-iomlán le Polasaí Úsáid Inghlactha an Idirlíon. Úsáideadh mé an idirlíon le freagracht agus leanfaidh mé na rialacha leagtha síos ag an/na múinteoir(í) na scoile.
Síniú an dalta: ____________________________ Dáta: ____________
Cuireadh an polasaí athbhreithnithe seo faoi bhráid Bord Bainistíochta na Pobalscoile ar an ________ agus tá athbhreithniú le déanamh air i _________
Síniú ______________________________
Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta
[subpages]Íoslódáil an Polasaí seo