Drámaíocht

Is cuid thábhachtach de shaol oideachasúil agus shóisialta na pobalscoile an drámaíocht. Tugtar deis do na scoláirí páirt a ghlacadh i ndrámaí scoile, seónna ardáin, i gcomórtais ceoil agus i bhféilte drámaíochta. Tá an drámaíocht lárnach san oideachas breise a chuirtear ar fáil. Tugann an drámaíocht féinmhuinín agus spreagadh dóibh siúd a ghlacann páirt sna himeachtaí ardáin a bhíonn ar siúl ag an Phobalscoil. Tá móran duaiseanna, contae, cúige agus uile Éireann buaite ag scoláirí na Pobalscoile ó bunaíodh an Pobalscoil i 1973. Tá cuimhní cinn ar dóigh ag na hiar scoláirí ar na drámaí agus na seónna ardáin a rinne said agus iad ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

 

2023

Dráma “Bialann Riccardo” a bhain dhá Scoith Léiriú chomh maith le Craobh na hÉireann i 2022/23. Bhain Brídín Ní Eidhin agus Aaron Ó Colla Banaisteoir agus Aisteoir is fearr ag dhá fhéile. Bhain siad an dráma nua scríofa is fearr in Éirinn chomh maith.

Bhain dráma “Ó Pheann an Phiarsaigh” Craobh na hÉireann chomh maith. Bhain Ciarán Ó Gallachóir duais aisteoir an fhéile ag an fhéile náisiúnta.
Bhain an Pobalscoil an Pobal choláiste is fearr in Éirinn ó thaobh drámaíochta de anuraidh.

 

2022

Sóisir:   “Cití Cliste” Craobh na hÉireann

Idirbhliain:   “Tá Dóigh Thart Ar Achan Rud” Craobh na hÉireann

Sinsir:   “An Fear a Phós Balbhán” Craobh na hÉireann

Duais speisialta:  An chéad meánscoil a bhain achan rannóg

 

  • Dráma "Bialann Riccardo" Buaiteoirí Craobh na hÉireann 2023