Tá scoláirí na Pobalscoile ag glacadh páirt rathúil i dtaispeántas an Eolaí Óg achan bhliain ó bhí 2004 ann. Bíonn an taispeántas ar súil i halla an RDS i mBaile Átha Cliath ar feadh ceithre lá i mí Eanáir achan bliain. Bíonn na scoláirí i láthair ag an taispéantas ar feadh an tréimhse ama sin agus bíonn imeacht difriúil ar siúl dóibh gach oíche m.sh Tráth na gCeist, Dioscó. Tá an taispeántas oscailte d’achan scoláire dara leibhéal in Éirinn. Is iomaí duais bainte ag scoláirí na Pobalscoile ag taispeántas an Eolaí Óg thar na mblianta.
Glacann na scoláirí ón Idirbhliain páirt sa chomórtas VEX Róbataic gach bliain in san choláiste i Leitir Ceanainn agus ansin tá an seans acu dul fríd go dtí Craobh na hÉireann i gCorcaigh. Tá cluiche difriúil le himirt gach bliain, áit a gcaithfidh na scoláirí róbat a thógáil fdon chluiche sin.
Seo na scoláirí ón idirbhliain ag tógáil an róbat don chluiche VEX – Spin Up | Seo an róbat a bhí déanta acu
|