Comórtas Bácála

Comórtas Bácála 2023

Deirtear go mbíonn blas ar an bheagán, ní beagán ach, ón mbeagán go dtí an mórán, ach bhí diabhalta blasta agus tarraingteach ar fad a bhí againn i gCistiní na Pobalscoile le linn Comórtas Bácála na bliana seo.

Bhí beirt ionadaithe rannpháirteach thar cheann na Pobalscoile, ‘s iad sin, Hoillie Ní Choille agus Áine Ní Fhearraigh.

Ba mhór an phribhléid a bhí againn fáilte a chur roimh na rannpháirtithe uilig, ochtar scoil in iomláine a ghlac páirt sna babhtaí ceannais don Chomórtas Bácála 2023.

Bhí rannpháirtithe sóisearacha agus sinsearacha linn ó Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Pobalscoil na Rosann, Coláiste Áiligh ó Leitir Ceanainn, Clochar Loretto ó Leitir Ceanainn, Coláiste na Maoile Ruaidhe ó Bhaile na nGallógach, Coláiste Chranncha ó Bhóthar na Cranncha, ‘Royal & Prior’, Rath Bhoth agus Scoil Chuimsitheach na nGleanntaí.

Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh an chócaire clúiteach as Anagaire, Brian Danny Minnie Ó Domhnaill as bialann Tigh Danny Minnie, chomh maith le iar- mhúinteoir Eacnamaíocht Bhaile Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Nóirín Nic Ghearailt a bhfuil thar daichead bliain de tháithí aici ag bácáil. Chaith an bheirt acu corradh ‘s trí uaire an chloig ag meantóireacht agus ag déanamh moltóireachta. Is maith sibh.

An rud nach bhfuil san nadúr ag duine ní chuirfidh an fhoghlaim ann é, agus bhí an dúchas ag briseadh amach as na scoláirí uilig a ghlac páirt sa chomórtas bácála. Tréaslaíonn muid leis na scoláirí a ghlac páirt, rinne siad uilig sár iarracht ar fad.

Buaiteoir sa rannóg Sinsearach:

  • Áine Ní Fhearraigh (Pobalscoil Ghaoth Dobhair)

Buaiteoir sa rannóg Sóisearach:

  • Maeve Nic Riada (Scoil Chuimsitheach na nGleanntaí)

Ba mhian linn ár mbuíochas a chur in iúl do na hurraithe seo a leanas a bhí fial, flaithiúil agus a chur duaiseanna tarraingteacha ar fáil don chomórtas;

  • Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt
  • Pro- Ampac
  • Kenwood Electrical Appliances
  • Siopa Mhicí
  • Siopa Mholloy
  • Donegal Hygiene
  • Total Health
  • Healthwise
  • Bórd Bia
  • Neven Maguire
  • BC Embroidery

Tá muid iontach buíoch do na Múinteoirí Dana agus Michelle a chur saothar mhór orthu féin lena chinntiú go raibh achan rud i gceart agus gur reáchtáladh an comórtas go héifeachtach ar an lá. Ní raibh barr cleite isteach ná bun clite amach.

Coinnígí uilig oraibh ag cur leis na scileanna bácála agus cócaireachta atá agaibh, mar gur cinnte gur scileanna saoil iontach tábhachtach a leithid, a rachaidh go mór chun tairbhe daoibh sna blianta atá amach romhaibh.