Bíonn neart imeachtaí, craic agus comórtais ar siúl againn i bPSGD leis an Ghaeilge a choinneáil beo beathach i measc pobal na scoile. Bíonn iomaíocht mhór ar siúl idir ranganna agus iad ar a seacht ndícheall ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Buíochas ó chroí do Mheitheal Pleanála Teanga a dhéanann urraíocht ar chuid mhór dena himeachtaí agus Foras na Gaeilge a chuidíonn go mór leis na duaiseanna.
Bígí bródúil asaibh féin.
Bígí bródúil as an Ghaeilge.
Is seoid luachmhar í.