Fáilte
Is scoil lán-Ghaelach, comhoideachasúil í Pobalscoil Ghaoth Dobhair atá suite i gceartlár Ghaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall. Tuigeann muid an tábhacht mhór atá leis an nGaeilge mar ár dteanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga na scoile. Is trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear gach gné de shaol na scoile agus is í an Ghaeilge teanga an teagaisc i ngach seomra ranga.
Cuireann muid fáilte roimh scoláirí ón gceantar agus ó na ceantair máguaird atá ag iarraidh oideachas den chéad scoth a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá an scoil ag fás i gcónaí agus tá breis agus 400 scoláire anois ag freastal uirthi, rud a léiríonn an muinín atá ag an bpobal as an obair atá ar siúl anseo.
Is é ár sprioc ná forbairt iomlán a dhéanamh ar gach scoláire a fhreastalaíonn ar an scoil, idir fhorbairt acadúil, phearsanta agus shóisialta. Chuige sin, cuirtear an scoláire i gcroílár an teagaisc agus na foghlama, chomh maith leis na himeachtaí scoile ina mbíonn páirt acu – lena n-áirítear lúthchleasaíocht, peil Ghaelach, sacar, cispheil, Comórtas BT, róbataic, ficheall, an Eolaí Óg, drámaíocht, díospóireacht, Scléip, siamsaíocht agus go leor eile.
Tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair dírithe ar chúram agus ar fhorbairt gach aon scoláire i dtimpeallacht ina bhfuil meas, cairdeas agus comhoibriú lárnach.
Focal ón Phríomhoide
A Thuismitheoirí/Chaomhnóirí agus a chairde,
Is mór an onóir agus an phribhléid dom mar phríomhoide fáilte a chur romhaibh chuig suíomh gréasáin Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá ár scoil suite i gcroílár Ghaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall agus is pobal bríomhar, bródúil muid atá tiomanta don oideachas den chéad scoth trí mheán na Gaeilge.
Le blianta beaga anuas, tá fás suntasach tagtha ar ár scoil agus tá breis agus 400 scoláire anois ag freastal orainn, le 42 múinteoir agus os cionn 70 ball foirne ag obair go dícheallach le freastal ar riachtanais ár bpobal scoile. Léiríonn an fás seo an muinín atá ag an bpobal ionainn agus an caighdeán ard oideachais atá á chur ar fáil againn.
Tuigim an cultúr saibhir agus na traidisiúin láidre atá againn anseo i bPobalscoil Ghaoth Dobhair agus leanfaidh muid orainn a gceiliúradh sna blianta atá amach romhainn.
Tá a fhios agam cé chomh lárnach agus atá ár scoil laistigh den phobal agus go bhfuair go leor agaibh bhur gcuid oideachais anseo sa Phobalscoil.
Aithníonn muid uathúlacht gach dalta agus déanann muid ár ndícheall a n-acmhainneacht a chothú agus a ndul chun cinn a cheiliúradh le linn a gcuid ama anseo. Is cúis áthais dúinn uilig an t-oideachas leathan iomlánaíoch a fhaigheann ár mic léinn agus an ról atá ag ár scoil i bhforbairt pearsanta achan scoláire.
Oibríonn muid go cruaidh chun timpeallacht agus atmaisféar chomhbhách a chruthú ina mbraitheann daltaí slán sábháilte agus go bhfuil siad sásta foghlaim. Is é mo dhóchas agus mo ghuí go bhfágann achan scoláire an scoil mar dhuine muiníneach a bhfuil aidhmeanna bainte amach aige/aici, agus a ullmhóidh iad don chéad chéim eile ar chosán an tsaoil, cibé acu obair, printíseacht nó oideachas tríú leibhéal atá i gceist.
Mar thoradh ar ár stádas “DEIS”, tá athrú tagach ar ár bpróiseas feabhsúcháin scoile. Mar chomhghrúpa foirne tá muid ag obair ar ár bplean “DEIS” – plean feabhsúcháin scoile straitéiseach, trí bliana, ag díriú ar ocht gcolún – (Freastal, Gnóthachtáil, Próiseas Aistrithe, Litearthacht, Uimhearthacht, Ráta oinneála, Comhpháirtíocht le Tuismitheoirí agus Comhpháirtíocht le daoine eile).
Cé go dtógfaidh na hathruithe seo go leor ama, bainistíocht chúramach agus cumarsáid shoiléir, is cinnte gur acmhainn thábhachtach don scoil é stádas DEIS mar go gcuireann sé maoiniú agus acmhainní ar fáil dúinn ar deireadh thiar thall chun deiseanna níos fearr a chur ar fáil dár ndaltaí uilig.
Tá an t-ádh orainn go bhfuil foireann teagaisc againn sa Phobalscoil a thugann saibhreas deiseanna seach- churaclaim dár scoláirí. D’iarrfainn ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí tacú leis an ghné ríthábhachtach seo de shaol na scoile trína chinntiú go mbíonn na scoláirí i láthair ag achan imeacht agus go spreagfaidh siad rannpháirtíocht i measc a bpáistí sna himeachtaí a thagann chun cinn.
Tá na cinntí a dhéanann muid mar fhoireann i gcónaí ar mhaithe le leas ár ndaltaí agus déanfaidh muid athmhachnamh leanúnach ar ár gcleachtas ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag cur le teagasc agus foghlaim agus taithí na ndaltaí i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
Tá mé ag súil go mór le bualadh leat go pearsanta agus le bheith ag obair i gcomhpháirtíocht leat sna míonna agus sna blianta atá amach romhainn.
Tá muid thar a bheith bródúil gur bronnadh aitheantas na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ar an scoil. Cuireann an stádas seo béim láidir ar an ról lárnach atá ag an nGaeilge i ngach gné de shaol na scoile. Ní hamháin gur teanga teagaisc í an Ghaeilge anseo, ach is í croílár ár bhféiniúlachta í – teanga bheo a úsáidtear go nádúrtha sa teagasc, sa chumarsáid agus i saol sóisialta na scoláirí.
Is é ár sprioc ná forbairt iomlán a dhéanamh ar gach scoláire – ó thaobh acadúil, pearsanta agus sóisialta de. Déanaimid ár ndícheall timpeallacht foghlama shábháilte, thacúil agus spreagúil a chruthú ina mbíonn meas, comhoibriú agus dea-chaidrimh lárnach. Tá ról lárnach ag an scoláire ina fhoghlaim féin agus cuirimid réimse leathan deiseanna ar fáil dóibh trí ghníomhaíochtaí seach-churaclaim, lena n-áirítear spórt, eolaíocht, drámaíocht, díospóireacht agus cultúr.
Aithnímid freisin an ról tábhachtach atá ag tuismitheoirí agus ag an bpobal i saol na scoile. Táimid tiomanta do bheith ag obair i gcomhpháirtíocht libh chun tacú le forbairt agus le folláine ár scoláirí.
Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair libh sna blianta atá amach romhainn agus leanúint ar aghaidh ag forbairt na scoile mar ionad foghlama den scoth i gcroílár na Gaeltachta.
Is mise le meas,
Seoirse Ó Dochartaigh
Príomhoide
An Scoilbhliain 2025/2026
Dátaí don téarmaí éagsúla sa scoilbhliain 2025/2026
1ú Téarma (82 lá)
Dé hAoine 22/08/25 – Dé hAoine 19/12/25
- Laetha inseirbhíse scoile: Dé Luain 26/09/24, Dé hAoine 03/11/24 agus Déardaoin 04/12/25
- Sos na Samhna: Dé Luain 27/10/25 – Dé hAoine 31/10/25
- Sos na Nollag: Dé Luain 22/12/25 – Dé hAoine 02/01/25
2ú Téarma (59 lá)
Dé Luain 05/01/26 – Dé hAoine 27/03/2026
- Laetha inseirbhíse scoile: Déardaoin 29/01/26
- Sos Feabhra: Dé Luain 16/02/26 – Dé hAoine 20/02/26
- Sos na Cásca: Dé Luain 30/03/26 – Dé hAoine 10/04/26
3ú Téarma (25 lá)
Dé Luain 13/04/26 – Dé hAoine 29/05/26
Form Iontrála PSGD 2024 –
Íoslódáil an form seo agus seol chuig an scoil é ag oifig@psgd.ie








