Ceol

Tá clú agus cáil ar pharóiste Ghaoth Dobhair as ár gceol agus ár gceoltóirí. Leagtar béim faoi leith ar achan cineál ceoil agus damhsa sa scoil. Bíonn deis ag scoláirí na Pobalscoile páirt a ghlacadh i gcomórtais ceoil agus seóanna talainne le linn na bliana. Anuas ar sin, tá ag éirigh go hiontach le Cór na Scoile. Tá neart duaiseanna buaite ag scoláirí na Pobalscoile sa cheol.

 

Scléip

Bhfuil féith an cheoil ionat?

Bhfuil bua an damhsa agat?

Is comórtas tallainne é Scléip a spreagann daltaí a dtallann sa cheol agus sa damhsa a chur in iúl ar stáitsí ar fud na tíre. Tá súil agam go mbeidh tú páirteach.

  • An grúpa 'Splanc' ag Scléip 2022