POLASAÍ GHRINNFHIOSRÚCHÁIN AN GHARDA SÍOCHÁNA
- RÉAMHRÁ
I bPobalscoil Ghaoth Dobhair déanaimid ár ndícheall cleachtais a chur i bhfeidhm a chosnaíonn leas ár ndaltaí. Chuige sin, leagann Pobalscoil Ghaoth Dobhair béim ar nós imeachta chúramach a leanúint d’earcaíocht foirne agus roghnú oibrithe deonacha a bhféadfadh teagmháil a bheith acu le daltaí na scoile.
- AIDHMEANNA AN PHOLASAÍ
- Is í an príomhaidhm atá ag an pholasaí seo ná tacú le húdaráis na scoile a ndualgaisí reachtúla a bhaint amach maidir le cúrsaí grinnfhiosrúcháin.
- Leagann an polasaí seo amach dualgaisí an Bhord Bainistíochta agus an Phríomhoide maidir le grinnfhiosrúcháin múinteoirí cláraithe, foireann neamhtheagaisc, oibrí deonacha, ábhair múinteoirí, cóitséalaithe spóirt, aíonna, daltaí ar thaithí oibre agus óst-teaghlaigh.
- Leagann an polasaí seo amach treoir don phróiseas nochtadh ghrinnfhiosrúcháin.
- BIÚRIÓ GRINNFHIOSRÚCHÁIN AN GHARDA SÍOCHÁNA
- Tá Biúrió Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána (GGS) freagrach as nochtadh grinnfhiosrúcháin a eisiúunt. Is é feidhm GGS ná sonraí a sholáthar maidir le ‘gach ionchúiseamh, cibé acu ar éirigh nó nár éirigh leis, atá ar feitheamh nó i gcrích, agus/nó aon chiontú’ i ndáil le hiarrathóir a chuireann isteach ar phost sa scoil.
- Cuireann Acht Grinnfhiosrúcháin, alt 12, dualgais reachtúla ar údaráis na scoile chun nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil ón mBiúró roimh fhostú, chonradh, chead nó shocrúchán duine le tabhairt faoi obair nó gníomhaíochtaí le páistí nó daoine soghonta.
- Tá feidhm leis an riachtanas seo maidir le gach cineál ceapacháin d’fhad ar bith lena n-áirítear ionaid lánaimseartha, pháirtaimseartha agus ionaid eile.
- Tá sé ina chion coiriúil, seachas i gcúinsí áirithe teoranta, d’údarás scoile fostaíocht fostaí a thosú gan nochtadh grinnfhiosrúcháin a fháil i dtosach ón mBiúoró maidir leis an duine sin.
- SCÓIP
- Baineann an polasaí seo le gach ball foirne Phobalscoil Ghaoth Dobhair, oibrithe deonacha agus duine ar bith eile a dhéanann “obair nó gníomhaíochtaí ábhartha” i gcomhthéacs scoile a thugann rochtain don duine sin air, nó teagmháil acu le, leanaí nó daoine soghonta mar atá sonraithe i gCiorclán 31/2016.
- DÉANFAR GRINNFHIOSRÚCHÁN AR:
- Gach múinteoir, ábhair mhúinteoirí MGO, cúntóirí riachtanais speisialta, cúntóirí teanga, príomhoidí, leas phríomhoidí, séiplínigh, foireann neamhtheagaisc, glantóirí, oibrithe deonacha, maoirseoirí seachtracha, meantóirí, cóitséalaithe spóirt.
- Daltaí Idirbhliana, Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus an Ardteistiméireacht Fheidhmeach a dhéanann taithí oibre agus atá thar 16 bliana d’aois.
- Óst-teaghlaigh cláracha malartáin.
- FREAGRACHTAÍ BORD BAINISTÍOCHTA NA SCOILE
- Cinntiú go gcomhlíonann an scoil a ndualgais reachtúla maidir le Polasaí Grinnfhiosrúcháin an Garda Síochána.
- Tacaíocht agus cuidiú a thabhairt don Phríomhoide, mas gá, maidir le oiriúnacht iarrthóirí fostaíochta ag éirí as nochtadh chiontaithe tríd an phróiseas ghrinnfhiosrúcháin.
- Gan cheapácháin a cheadú i gcás go ndiúltaíonn iarrthóir bheith grinnfhiosraithe, nach gcomhlántar an fhoirm grinnfhiosrúcháin nó nach dtugtar rochtain don phríomhoide ar Digitary, córas ar líne an Chomhairle Mhúinteoireachta.
- Dea-cháil an iarrthóra a chosaintle linn an phróisis.
- Rúndacht gach taifid phearsanta achinntiú agus a thaifead go sabháilte.
- FREAGRACHTAÍ AN PHRÍOMHOIDE
- Measúnú ghrinnfhiosrúcháin a dhéanamh ar gach ról fostaíochta nó deonach a bhaineann le “obair nó gníomhaíochtaí ábhartha” i gcomhthéacs scoile a thugann rochtain don duine sin air, nó teagmháil acu le, páistí nó daoine soghonta mar atá sonraithe i gCiorclán 31/2016.
- Cinntiú go gcuirtear na foirmeacha cearta grinnfhiosrúcháin ar fáil d’iarrthóirí neamhtheagaisc agus go bhfuil na foirmeacha comhlánaithe go hiomlán agus go cruinn trína chinntiú:
- Go bhfuil an fhoirm NVB1 comhthoilithe, sínithe agus dátaithe ag an ábhar ghrinnfhiosrú chun dul i mbun an phróisis ríomh-ghrinnfhiosrú.
- Aitheantas an ábhair ghrinnfhiosrú a chinntiú trí úsáid a bhaint as an córas seiceála 100-pointe (Aguisín 2). Taifead a dhéanamh ar cháipéis aitheantais an iarrthóra agus an nochtadh.
- Foirm NVB3 (toiliú tuismitheora / caomhnóra) a bheith comhlánaithe agus sínithe i gcás ábhar ghrinnfhiosrú atá sé bliana déag nó seacht mbliana déag d’aois.
- Cinntiú go bhfuil ríomhphost an tuismitheora iniata san fhoirm.
- Ríomhphost rúnda agus cruinn a chur ar fáil don ACCS maidir le cúrsaí nochtadh ghrinnfhiosrúcháin. Is é vetting@psgd.ie ríomhphost rúnda na scoile.
- Foirm Dearbhú Reachtúil agus Foirm Ghealltanais a bheith chomhlánaithe agus curtha ar fáil d’údaráis na scoile roimh dhul i mbun teagaisc nó neamhtheagaisc d’fhad ar bith. Na cáipéisí seo a shabháil ar thaifead.
- Go mbíonn na socruithe slándála cuí i bhfeidhm ag gach céim den phróiseasgrinnfhiosrúcháin chun slándáil, rúndacht agus sláine shonraí pearsanta ar fad na n-iarrthóirí a Caithfear na sonraí ar fad a bhainistiú laistigh d’fhorálacha reachtúla na nAchtannaum Chosaint Sonraí chomh maith.
- EARCAÍOCHT
- Aithníonn Bord Bainistíochta na scoile go bhfuil próiseas earcaíochta chríochnúla ina ghné ríthábhachtach den chleachtas um chosaint leanaí. Déanfar seiceáil ar teistiméireachtaí agus aon bhearnaí i stair ghairme iarrthóirí.
- Aithníonn an Bord Bainistíochta go ndéantar grinnfhiosrúchán in éineacht le dea-nósanna imeachta earcaíochta. Déanann Bord Bainistíochta na scoile a gcinneadh féin maidir lehoiriúnacht iarrthóirí mar fhostaithe nó mar oibrithe deonacha i scoileanna.
- Caithfidh fostaithe ionchasacha dearbhú a dhéanamh ar an fhoirm iarratais go bhfuil a gceapacháin faoi réir toradh sasúil an ghrinnfhiosrúcháin.
- I gcás iarrthóir a dhiúltaíonn dul tríd phróiseas grinnfhiosrúcháin anGharda Síochána ní féidir le Pobalscoil Ghaoth Dobhair an té sin a fhostú, fiú i ról deonach.
- Dícháilfear iarrthóir go huathoibríoch nuair nach gcomhlántar Foirm
Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána. - Thig iarrthóir a dhícháiliú fosta, igcás go dtugann siad eolas míchruinn i bhFoirm Ghrinnfhiosrúcháin anGharda Síochána, mar shampla dáta breithe nó seoladh míchruinn.
- Caithfear Dearbhú Reachtúil agus Foirm Ghealltanais a chomhlánú agus a chur ar fáil d’údarás na scoile roimh dhul i mbun teagaisc nó neamhtheagaisc d’fhad ar bith. Coinnítear na cáipéisí seo mar thaifead shábháilte.
- Déileáilfear le gach Foirm Ghrinnfhiosrúcháin go hiomlán faoi rún. Ní choinneoidh an scoil na foirmeacha comhlánaithe ach ar an choinníoll
go n-éiríonn leis an iarrthóir an post a fháil agus beidh siad séalaithe go
daingean agus coinnithe in áit shlán.
- FOIREANN TEAGAISC
- Déanfar grinnfhiosrúchán ar mhúinteoirí cláraithe tríd an Chomhairle Mhúinteoireachta.
- Déanfar grinnfhiosrúchán roimh cheapacháin teagaisc d’fhad ar bith.
9.1 AN NÓS IMEACHTA:
- Fógra Poist: Leagfaidh an fógra poist amach go soiléir go bhfuil ceapacháin faoi réir toradh sásúil an ghrinnfhiosrúcháin.
- An Fhoirm Iarrthóra: Caithfidh iarrthóirí ionchasacha deimhniú go bhfuil a gceapacháin faoi réir toradh sásúil an ghrinnfhiosrúcháin. Déimhneoidh síniú an iarrthóra go bhfuil siad eolach ar pholasaí ghrinnfhiosrúcháin na scoile agus go nglactar leis go bhfuil toradh sásúil an ghrinnfhiosrúcháin ina riachtanas dá gceapacháin.
- Ag Staid an Cheapacháin: Tabharfaidh an iarrthóir rathúil rochtain don phríomhoide ar an Nochtadh Grinnfhiosrúcháin Ar Líne, trí ‘Digitary’ (córas ar líne an Chomhairle Mhúinteoireachta). Ní leor cóip de Nochtadh Ghrinnfhiosrúcháin.
- Taifead: Déanfaidh an scoile íoslódáil ar an Nochtadh Grinnfhiosrúcháin agus coinnítear cóip de mar thaifead i gcomhad an mhúinteora.
9.2 FOSTAITHE AG FILLEADH ‘NA SCOILE
- Leanfar an próiseas seo le fostaithe úra atá ath-iomlonnaithe agus múinteoir ar bith atá ag filleadh ar ais ‘na scoile i ndiaidh sos gairme nó ar tréimhse iasachta 2 bhliain nó níos mó.
9.3 ATH-GHRINNFHIOSRÚCHAIN
- Déanann an Comhairle Múinteoireachta ath-ghrinnfhiosrúchán ar mhúinteoirí cláraithe achan trí bliana.
- FOIIREANN NEAMHTHEAGAISC
- Déantar grinnfhiosrúchán ar fhoireann neamhtheagaisc trí Chumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha (ACCS).
- Déantar grinnfhiosrúchán roimh cheapacháin neamhtheagaisc d’fhad ar bith.
10.1 AN NÓS IMEACHTA:
- Fógra Poist: Leagfaidh an fógra poist amach go soiléir go bhfuil ceapacháin faoi réir toradh sásúil an ghrinnfhiosrúcháin.
- An Fhoirm Iarrthóra: Caithfidh iarrthóirí ionchasacha deimhniú go bhfuil a gceapacháin faoi réir toradh sásúil an ghrinnfhiosrúcháin. Thig leis an scoil tairiscint a tarraingt siar muna gcuirtear Nochtadh Grinnfhiosrúcháin sásúil ar fáil.
- Ag Staid an Cheapacháin: Caithfidh an iarrthóir rathúil Foirm NVB 1 a chomhlíonadh. Aitheantas an ábhair ghrinnfhiosrú a chinntiú trí úsáid a bhaint as an córas seiceála 100-pointe (Aguisín 2).
- Taifead a dhéanamh ar cháipéis aitheantais an iarrthóra agus an nochtadh.
10.2 FOSTAITHE AG FILLEADH ‘NA SCOILE
- Leantar an próiseas seo le baill foireann neamhtheagaisc atá ag filleadh ar ais ‘na scoile i ndiaidh tréimhse asláithreachais dhá bhliain nó níos mó.
10.3 ÁBHAIR MHÚINTEOIRÍ & CÓITSEÁLAITHE SPÓIRT
- Déanfargrinnfhiosrúcháin ar ábhair múinteoirí agus cóitseálaithe spóirt tríd an ACCS.
- Caithfear Nochtadh Grinnfhiosrúcháin a chur ar fáil don scoil má tá grinnfhiosrúcháin déanta cheana féin ag a gcoláiste, eagraíocht spóirt nó fostóir tríd an Bhiúró Grinnfhiosrúcháin.
10.4 DALTAÍ AR THAITHÍ OIBRE
– IDIRBHLIAN, AN ARDTEISTIMÉIREACHT FHEIDHMEACH, GARIMCHLÁR NA hARDTEISTIMÉIREACHTA
- Déantargrinnfhiosrúcháin ar dhaltaí na Pobalscoile a bhéas i mbun “obair nó gníomhaíochtaí ábhartha” a thugann rochtain daofa ar pháistínó daoine soghonta agus iad ar thaithí oibre. M.sh bunscoil, naoíonra, ionad cúram sláinte)
- Ní dhéantar grinnfhiosrúchán ar dhaltaí faoi shé bliana déag d’aois.
- Déantar grinnfhiosrúchán ar dhaltaí atá ag dul ar thaithí oibre trí Chumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha (ACCS).
10.5 OIBRITHE DEONACHA NEAMHÍOCTHA
- Ní gá grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar oibrithe deonacha neamhíoctha i gcás nach bhfuil siad i mbun “obair nó gníomhaíochtaí ábhartha” i gcomhthéacs scoile a thugann rochtain don duine sin air, nó teagmháil acu le páistí nó daoine soghonta mar atá sonraithe i gCiorclán 31/2016. Sh ball den Bhord Bainistíochta, ball de Choiste na dTuismitheoirí.
- Dá bhrí sin, ní gá grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar oibrithe deonacha neamhíoctha a chuidíonn amach ó am go ham agus nach bhfuil baint acu le cóitseáil, meantóireacht, comhairleoireacht, múineadh nó oiliúnt páistí nó daoine soghonta mar atá sonraithe i gCiorclán 31/2016. Sh Aoí Speisialta
- RGCS AGUS SONRAÍ PEARSANTA
- Tá rúndacht ríthábhachtach i bpróiseáil iarratas grinnfhiosrúcháin. Tá sé ríthábhachtacha chinntiú go mbíonn na socruithe slándála cuí i bhfeidhm ag gach céim den phróiseasgrinnfhiosrúcháin chun slándáil, rúndacht agus sláine sonraí pearsanta ar fad na n-iarrthóirí a Caithfear na sonraí ar fad a bhainistiú laistigh d’fhorálacha reachtúla na nAchtannaum Chosaint Sonraí chomh maith.