Carthanacht

Tá traidisiúin fíor láidir ag scoláirí Pobalscoile Ghaoth Dobhair a bheith ag tacú le carthanacht áitiúla agus náisiúnta achan bhliain. Eagraíonn na scoláirí imeachtaí éagsúla ar nós Lá gan Éide Scoile, siúlóidí urraithe, Lá Gruaig Chraiceáilte, Shoe Box Appeal, Díolacháin Cácaí Milis.

Is iad ranganna na hIdirbhliaina, an Ardteiste Fheidhmeach, Gairmchlár na hArdteiste agus ranganna CSPE is mó a bhíonn I mbun na hoibre seo. I measc na gcarthanachtaí a bailíodh airgid dóibh tá

  • Medicine San Frontier
  • Ospís Dhún na nGall
  • Our Lady’s Hospital, Crumlin
  • Croise Dearg na hÉireann
  • Mary’s Meals
  • Ionad Lae Ghaoth Dobhair
  • Cumann Áitiúil Naomh Uinsinn De Pol.
  • Cervical Cancer Research

 

Mar pháirt de chultúr na scoile, déantar iarracht mhór lámh chúnta a thabhairt do charthanachtaí áitiúla.  Gach Samhain, bailíonn spraoi na Samhna airgead do charthanach difriúil tríd comórtais agus díolacháin a bhailiú a eagrú. Cruthaítear atmaisféar leictreach sa scoil. Anuraidh bhailigh muid €860 do phobal an Chraoslaigh tríd Cumann na Croise Deirge.

 

  • Scoláirí na Pobalscoile ag bronnadh seic €860 ar Danny Ó Searcaigh ó Chumann na Croise Deirge do phobal an Chraoslaigh.