Tá foirne láidre sacair sa scoil, idir foirne gasúraí agus girseachaí. Bíonn deis ag scoláirí na chéad bhliana páirt a ghlacadh i gcomórtas FAI Futsal faoi dhíon ar siúl go hinmheánach, go réigiúnach agus go náisiúnta. Tugtar deis daoibhe fósta a bheith páirteach i gcomórtás sacair a bhíonn eagraithe ag an FAI.
Tá deis ag achan dalta a bheith mar pháirt d’fhoireann sacair sna haois ghrúpaí faoi leith. Tá clú agus cáil ar fhoirne sacair gasúraí na Pobalscoile thar na blianta. Tá Corn Uladh agus Craobh na hÉireann bainte níos mó na uair amháin agus ag aois ghrúpaí éagsúla fiú!
Tá sacar na ngirseachaí ag dul ó neart go neart. Tá caidreamh láidir idir na girseachaí agus atmaisféar dearfach spórtúil le brath i measc na foirne éagsúla. D’éirigh le foireann faoi 15 na ngirseachaí Craobh na hÉireann a bhaint i 2022. Tá éacht dochreidte déanta acu agus tá súil againn cur le líon na gcorn sna blianta atá amach romhainn!