Polasaí Iontrála

Polasaí Iontrála Pobalscoil Ghaoth Dobhair 2023/24

 1.     Réamhrá

Comhlíonann an Polasaí Iontrála seo ceanglais an Achta Oideachais 1998, an Achta Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018 agus an Achta um Stádas Comhionann 2000.  Agus an polasaí seo á dhréachtú, chuaigh bord bainistíochta na scoile i gcomhairle le foireann na scoile, le pátrún na scoile agus le tuismitheoirí leanaí atá ag freastal ar an scoil.

D’fhaomh an pátrún scoile an polasaí ar an 15/10/2020.  Tá sé foilsithe ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear ar fáil i gcóip chrua é ar iarratas d’aon duine a iarrann é.

Tá na dátaí agus na hamlínte ábhartha do pholasaí iontrála Pobalscoil Ghaoth Dobhair leagtha amach san fhógra maidir le hiontráil bhliantúil na scoile a fhoilsítear go bliantúil ar shuíomh gréasáin na scoile seachtain amháin ar a laghad roimh thús an phróisis iontrála don scoilbhliain lena mbaineann.

Ní mór an polasaí seo a léamh i gcomhar leis an bhfógra maidir le hIontráil Bhliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.

Foilsítear an fhoirm iarratais i gcomhair iontrála ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuirfear cóip chrua di ar fáil d’aon duine a iarrann sin.

2.     Spiorad sainiúil agus cuspóirí ginearálta na scoile

1.     Ráiteas Físe na Scoile

 Gur áit i Pobalscoil Ghaoth Dobhair ina mbeidh:-

  •  ard-mheas ar a chéile
  • ar neamhspleáchas
  • ar fhéinmhuinín
  • ar fhreagracht agus
  • ar an fhírinne

Chun timpeallacht a chothú, trí mheán na Gaeilge, inár féidir le daltaí agus leis an fhoireann forbairt de réir a gcumas go pearsanta, go sóisialta, go hintleachtúil, go spioradálta, go morálta agus go fisiciúil, de réir na n-acmhainní ata curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don scoil.

 

 2.     Bun-Phrionsabail

 Is iar-bhunscoil chomhoideachais í Pobalscoil Ghaoth Dobhair faoi chomhphátrúnacht Easpag Rath Bhóth agus BOO Dhún na nGall.

Cuireann Pobalscoileanna córas oideachais iar-bhunscoile cuimsitheach ar fáil atá oscailte do na leanaí ar fad sa phobal áitiúil.  Cuireann cur chuige nuálach i dtreo churaclam lena mbaineann réimse leathan a sheachadadh go mór le folláine spioradálta, mhorálta, intinne, fhisiciúil agus shóisialta daltaí ina bpobal féin.  Is féidir le Pobalscoileanna foghlaim a chur ar fáil a mhairfidh ar feadh an tsaoil ina bpobal áitiúil trí chláir oideachais d’aosaigh a sheachadadh.

Bunaíodh ár scoil faoin nGníomhas Iontaobhais agus osclaíodh í an 1973.  Cónascadh Ard Scoil Mhuire agus An Gairmscoil, Doire Beaga. Tá luachanna BOO Dhún na nGall mar Chomhlacht Stáit il-sainchreidmheach agus na traidisiún, luachanna Críostaí agus cuspóirí a bhí ag Easpag Rath Bhóth  agus nó Cuallacht Reiligiúnach lena bunú cumhdaithe i meon saintréitheach agus i saol na scoile agus tá ardmheas orthu.

Is iad bunluachanna Phobalscoil Ghaoth Dobhair ná cúram, meas, muintearas, cuimsiú, comhionannas, ceartas agus cothroime.  Tagann na luachanna seo le chéile chun atmaisféar a chur ar fáil ina gcabhraítear le barr feabhais a bhaint amach i múineadh agus i bhfoghlaim agus chun tacú leis an atmaisféar sin.  Déanaimid dianiarracht cuidiú le gach dalta chun a c(h)umas iomlán a bhaint amach i dtimpeallacht atá suaimhneach, lách agus cruthaitheach.

Tá ár luachanna le brath ar an gcaoi a dtugaimid faoi chúrsaí i bpobal na scoile.  Aithnítear luach ar leith agus luach intreach gach ball de phobal na scoile agus léirítear meas ina leith chomh maith.   Caitear go cothrom le cách beag beann ar chine, inscne, reiligiún/creideamh, aois, stádas teaghlaigh, stádas pósta, stádas sibhialta, duine den Lucht Siúil, claonadh gnéis, cumas, míchumas nó stádas socheacnamaíoch.   Tugtar an deis chéanna do gach dalta rollú inár scoil i gcomhréir leis an Acht Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna) (2018) forléirithe de réir alt 17 d’Acht um Stádas Comhionann 2000.  Nuair atá daltaí ar an rolla, féachtar inár scoil Pobalscoil Ghaoth Dobhair leis na deiseanna céanna a chur ar fáil do gach dalta a bheith rannpháirteach sa churaclam agus i saol na scoile agus sa phobal áitiúil.

Cuirtear timpeallacht shlán fhisiciúil agus shóisialta ar fáil inár scoil Pobalscoil Ghaoth Dobhair a chothaíonn ceangal láidir i measc phobal na scoile agus an pobal i gcoitinne. Féachaimid cur ar chumas gach dalta barr a gcumais a bhaint amach gan beann ar fhéiniúlacht nó cúlra. Cuirtear oideachas lán-ionchuimsithe chun cinn inár scoil ina n-aithnítear an iliomad féiniúlachtaí, creideamh agus luachanna daltaí, tuismitheoirí agus baill den fhoireann. Ullmhaímid saoránaigh atá leathanaigeanta, a bhfuil tuiscint acu ar chultúir, atá freagrach agus a bhfuil meas acu ar chomhluachanna.

Is scoil il-sainchreidmheacha í ár scoil agus fáiltímid roimh dhaltaí de gach reiligiún agus creideamh, bíonn meas againn orthu agus tacaímid leo.  Tugtar oideachas reiligiúnach, adhradh reiligiúnach agus obair an tSéiplínigh ar fad le chéile chun an cuspóir a bhí le bunú na scoile, ráiteas misin na scoile agus riachtanais na ndaltaí laistigh den scoil a léiriú.  Déantar meon saintréitheach na scoile a léiriú go praiticiúil trí ghníomhaíochtaí tréadacha, liotúirgeacha agus for-rochtana sóisialta a sholáthar, mar is cuí, do gach dalta.

I bPobalscoil Ghaoth Dobhair, déanaimid an chomhpháirtíocht, comhoibriú agus comhbhá a chothaíonn ár ndaoine óga agus trína ndéantar iad a fhorbairt i bpobal ina bhfuil féinchúram agus féinmheas mar aon le cúram agus meas ar dhaoine eile agus don timpeallacht ina bhunús dár meoin a cheiliúradh.

 

 

 3.     Ráiteas maidir le hIontráil

Ní dhéanfaidh Pobalscoil Ghaoth Dobhair idirdhealú maidir le dalta a ligean isteach i scoil ar bhonn aon cheann díobh seo a leanas:

  • inscne an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • stádas sibhialta an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • stádas teaghlaigh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • gnéaschlaonadh an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • reiligiún an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • bunús mhíchumas an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • cine an dalta nó an iarratasóra i leith an dalta lena mbaineann,
  • dalta nó iarratasóir ó phobal an lucht siúil i leith an dalta lena mbaineann, nó
  • riachtanais speisialta oideachais a bheith ag an dalta nó ag an iarratasóir i leith an dalta lena mbaineann.

De réir Alt 61 (3) den Acht Oideachas 1998, forléireofar ‘foras stádais shibhialta’, ‘foras míchumais’, ‘leithcheal’, ‘foras stádas teaghlaigh’, ‘foras inscne’, ‘foras cine’, ‘foras reiligiúin’, ‘foras gnéaschlaonta’ agus ‘foras pobail Taistil’ de réir alt 3 den Acht um Stádas Comhionann 2000.

 

 

Scoileanna ina bhfuil rang(anna) oideachais speisialta

Is scoil í Pobalscoil Ghaoth Dobhair a bhunaigh rang, le ceadú an Aire Oideachais agus Scileanna, a chuireann oideachas ar fáil go heisiach do dhaltaí a bhfuil catagóir nó catagóirí de riachtanais speisialta oideachais acu atá sonraithe ag an Aire agus d’fhéadfadh sé go ndiúltófaí isteach sa rang do dhalta nach bhfuil an chatagóir riachtanas acu atá sonraithe.

 

“Comhoibreoidh Pobalscoil Ghaoth Dobhair leis an CNOS i gcomhlíonadh feidhmeanna na Comhairle faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu 2004 maidir le soláthar oideachais do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, lena n-áirítear soláthar agus feidhmiú rang nó ranganna speisialta nuair a iarrann an Chomhairle a leithéid.

 

Comhlíonfaidh Pobalscoil Ghaoth Dobhair le haon ordúchán a sheirbheálfar ar an mbord nó ar an bpátrún faoi alt 37A agus 67(4B).

 

4.     Na catagóirí de Riachtanais Speisialta Oideachais a ndéantar freastal orthu sa scoil/sa rang speisialta

 

 (a)   I gcás scoil phríomhshrutha a bhfuil rang RSO ceangailte léi

 

Bhunaigh Pobalscoil Ghaoth Dobhair le cead ón Aire Oideachais agus Scileanna, rang chun oideachas a chur ar fáil go heisiach do dhaltaí a bhfuil Uathachas/ Neamhoird de chuid Speictream an Uathachais acu.

 

 Nóta do scoileanna: Ní éilítear leis an Acht i gcás scoileanna ná ranganna speisialta a dhéanann foráil do chatagóir nó do chatagóirí riachtanas speisialta oideachais a stádas reatha a athrú. Leanfar ar aghaidh leis na socruithe reatha maidir leis an gcatagóir nó leis na catagóirí de riachtanais speisialta oideachais a ndéanann scoileanna foráil dóibh mar a tharla i mblianta roimhe sin ach amháin sa chás go n-ordaíonn an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta nó an Roinn a mhalairt.

 5.     Daltaí a Ligean Isteach

 

Ligfidh an scoil seo isteach gach dalta atá ag lorg iontrála ach amháin sna cásanna a leanas –

 

  1. i gcás ina bhfuil ró-éileamh ar an scoil (féach alt 6 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí)

 

  1. i gcás go dteipeann ar thuismitheoir dalta, nuair a éilíonn an príomhoide é de réir alt 23(4) den Acht Oideachais (Leas) 2000, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cód iompair na scoile inghlactha dó nó di agus go ndéanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an dalta an cód sin

 

 

Scoil ina bhfuil rang(anna) speisialta oideachais

Soláthraíonn an rang speisialta atá nasctha le Pobalscoil Ghaoth Dobhair oideachas do dhaltaí a bhfuil Uathachas/ Neamhoird de chuid Speictream an Uathachais go heisiach agus féadfaidh an scoil cead isteach a dhiúltú don rang sin, i gcás nach bhfuil an chatagóir shonraithe de riachtanais speisialta oideachais ag an dalta atá i gceist dá bhforáiltear sa rang sin

 

 6.     Ró-iarratas (ní mór do gach scoil an chuid seo a chomhlánú, scoileanna nach measann go mbeidh ró-eileamh orthu san áireamh)

 Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scoil, déanfaidh an scoil na critéir roghnaithe a leanas a chur i bhfeidhm san ord ina bhfuil siad thíos maidir leis na hiarratais a fhaightear laistigh den amlíne chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála na scoile agus na hiarratais ar chead isteach á gcinneadh aici.

 

 

Cuir na critéir roghnúcháin isteach anseo

 

 1.               Glacfaidh Pobalscoil Ghaoth Dobhair, go príomhdha, scoláirí ó na bunscoltacha i bParóiste Ghaoth Dobhair – Scoil Phádraig, Dobhar; Scoil Chonaill an Bun Beag; Scoil Mhuire, Na Doirí Beaga; Scoil Adhamhnáin an Luinnigh; agus Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh, agus ar Scoil Naomh Oilibhéar Pluincéad Rann na Feirste.  Ó am go ham, tagann scoláirí eile ’na scoile ó bhunscoltacha eile i bParóiste na Rosann (S.N. Loch an Iúir, S.N. Anagaire) agus i bParáiste Ghort a’Choirce (S. N. Chaiseal na gCorr, Gort a’Choirce, S.N. Mhachaire Rabhartaigh agus S.N. Dhoire Chonaire).

2.               Ghlacfaidh Pobalscoil Ghaoth Dobhair go príomhach scolairí ón Ionad Oideachas Speisialta ó Scoil Chonaill an Bhun Bhig don Ionad Uathachas/neamhóird de chuid Speictream an Uathachais.

3.               Siocar go bhfuil Pobalscoil Ghaoth Dobhair gníomhach agus páirteach i Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta béidh muid ag dréim go mbeadh líofacht agus caighdeán sásúil Gaeilge ag scoláirí.

4.               Sibling le dalta atá ag freastal ar Pobalscoil Gaoth Dobhair nó le hiardhalta a d`fhreastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair le cúig bliana ón iarratas seo.

 

Sa chás go bhfuil beirt daltaí nó níos mó ceangailte le haghaidh áite nó áiteanna in aon cheann de na catagóirí critéir roghnúcháin thuas (agus líon na n-iarratasóirí níos mó ná líon na n-áiteanna atá fágtha), beidh feidhm ag na socruithe a leanas:

 

 

Cuir isteach sonraí na socruithe sin anseo

 

1.     Dhéanfaidh Pobalscoil Gaoth Dobhair scoláirí a raghnú de réir líofacht an scoláire sa Ghaeilge. Beidh seo déanta i dtreoir le hAlt 62 (9) (a)(e)(f) den Acht Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018 Dhéanfaidh Pobalscoil Gaoth Dobhair scoláirí a raghnú de réir líofacht an scoláire sa Ghaeilge. Beidh seo déanta i dtreoir le hAlt 62 (9) (a)(e)(f) den Acht Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2018.

2.     Ghlacfaidh Pobalscoil Ghaoth Dobhair go príomhach scolairí ón Ionad Oideachas Speisialta ó Scoil Chonaill an Bhun Bhig don Ionad Uathachas/neamhóird de chuid Speictream an Uathachais

3.     Sa chás gur mian le tuismitheoirí go n-áireofaí a bpáiste mar pháiste a bhfuil leibhéal líofacht sroichte aige/aici sa Ghaeilge tabharfar cuireadh don tuismitheoir fianaise a chur ar fáil chun an líofacht sin a léiriú do ionadaithe an Bhord Bainistíochta. Is gá an fhianaise sin a chur ar fáil leis an iarratas.

4.     Más mó líon na n-iarratas in aon chatagóir ná líon na spásanna ar fáil don chatagóir sin, cuirfear na hiarrathóirí go léir sin in ord ar crannchur.

 

 7.     An méid nach mbreithneofar ná nach gcuirfear san áireamh

De réir alt 62(7)(e) den Acht Oideachais 1998, ní dhéanfaidh an scoil aon cheann díobh seo a leanas a bhreithniú ná a chur san áireamh agus iarratais ar chead isteach á gcinneadh nó nuair a bhíonn dalta á c(h)ur ar liosta feithimh le haghaidh iontrála sa scoil.

 

Ní mór do scoileanna pointí (a) go (g) a chuimsiú anseo. Tá eisceachtaí teoranta ann ó chúis díobh seo a bhfuil aibhsiú dearg orthu agus ní mór do scoileanna na heisceachtaí a bhaineann leo a choinneáil agus iad sin nach mbaineann a scriosadh:

 

(a)    freastal roimh ré ag dalta ar réamhscoil nó ar sheirbhís réamhscoile, lena n-áirítear naíonraí,

(b)   íocaíocht táillí nó ranníocaíochtaí (cibé slí a dtuairiscítear é) leis an scoil;

(c)   cumas, scileanna nó inniúlacht acadúil an dalta;

(seachas i ndáil le:

–        ligean isteach chuig (a) scoil speisialta nó (b) rang speisialta a mhéad is gá chun a fháil amach an bhfuil nó nach bhfuil an chatagóir riachtanas speisialta oideachais lena mbaineann ag an dalta agus/nó

–        ligean isteach i scoil Ghaeilge, de réir fhorálacha alt 62(9) den Acht

(d)   gairm, stádas airgeadais, cumas acadúil, scileanna nó inniúlacht tuismitheoirí dalta;

(e)   ceanglas go bhfreastalóidh dalta, nó a t(h)uismitheoirí ar agallamh, lá oscailte nó cruinniú eile mar choinníoll iontrála;

(f)     ceangal dalta leis an scoil de bhua duine dá t(h)eaghlach nó dá teaghlach ag freastal ar an scoil nó a bhí ag freastal ar an scoil roimhe sin;

(g)   an dáta agus an t-am ar ghlac an scoil le hiarratas iontrála,

Tá sé sin faoi réir an iarratais a bheith faighte ag am ar bith le linn na tréimhse a shonraítear chun iarratais a fháil mar atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile don scoilbhliain lena mbaineann.

Tá sé sin faoi réir freisin ag an scoil tairiscintí a dhéanamh bunaithe ar liostaí feithimh reatha (suas go dtí an 31ú Eanáir 2025 amháin).

 

8.     Cinntí ar iarratais

 Béidh na cinntí go léir maidir le hiarratais ar iontráil chuig Pobalscoil Ghaoth Dobhair bunaithe ar na nithe a leanas:

  • Polasaí iontrála na scoile
  • Fógra iontrála bliantúil na scoile (nuair is cuí);
  • An fhaisnéis a chuir an t-iarratasóir ar fáil i bhfoirm iarratais oifigiúil na scoile a fuarthas le linn na tréimhse atá sonraithe inár bhfógra iontrála bliantúil chun iarratais a fháil;

(Féach alt 14 thíos maidir le hiarratais a fuarthas lasmuigh den tréimhse iontrála agus alt 15 thíos maidir le hiarratais ar áiteanna i mblianta seachas an grúpa ligthe isteach.)

Ní úsáidfear critéir roghnúcháin nach n-áirítear inár bpolasaí iontrála scoile chun cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar áit inár scoil.

 9.     Cinntí a chur in iúl d’iarratasóirí

Cuirfear iarratasóirí ar an eolas i scríbhinn maidir le cinneadh na scoile, laistigh den amlíne atá leagtha amach san fhógra bliantúil iontrála.

Mura dtairgtear áit do dhalta inár scoil, cuirfear na cúiseanna nár tairgeadh áit dó nó di ar fáil i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear, nuair is infheidhme, sonraí maidir le rangú an dalta i gcoinne na gcritéar roghnúcháin agus na sonraí faoi áit an dalta ar an liosta feithimh don scoilbhliain lena mbaineann.

Cuirfear iarratasóirí ar an eolas faoin gceart chun athbhreithniú/ceart achomhairc a lorg maidir le cinneadh na scoile (féach alt 18 thíos le haghaidh tuilleadh sonraí).

10.  Glacadh le tairiscint áite ag iarratasóir

 Agus tairiscint iontrála á glacadh agat ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, ní mór duit an méid a leanas a léiriú—

(i) cé acu an bhfuil nó nach bhfuil glactha agat le tairiscint iontrála ar scoil nó ar scoileanna eile. Má ghlac tú le tairiscint den sórt sin, ní mór duit sonraí na tairisceana nó na dtairiscintí lena mbaineann a chur ar fáil freisin.

(ii) cé acu an bhfuil iarratas déanta agat ar thairiscint iontrála ó scoil nó ó scoileanna eile nó cé acu an bhfuil tú ag feitheamh lena dheimhniú, agus má tá, ní mór duit sonraí na scoile nó na scoileanna eile lena mbaineann a sholáthar.

11. Cúinsí nach féidir tairiscintí a dhéanamh ina leith nó a tharraingt siar

Ní féidir le Pobalscoil Ghaoth Dobhair tairiscint iontrála a dhéanamh ná a tharraingt siar sna cásanna a leanas —

  • déantar amach go bhfuil an fhaisnéis atá san iarratas bréagach nó míthreorach.
  • teipeann ar iarratasóir glacadh le tairiscint iontrála ar nó roimh an dáta atá leagtha amach i bhfógra iontrála bliantúil na scoile.
  • má theipeann ar thuismitheoir dalta, nuair a éilíonn an príomhoide é de réir alt 23(4) den Acht Oideachais (Leas) 2000, a dhearbhú i scríbhinn go bhfuil cód iompair na scoile inghlactha dó nó di agus go ndéanfaidh sé nó sí gach iarracht réasúnach lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an dalta an cód sin; nó
  • teipeann ar iarratasóir riachtanais a chomhlíonadh chun ‘glacadh le tairiscint’ mar atá leagtha amach in alt 10

12.   Sonraí a roinnt le scoileanna eile

Ba chóir d’iarratasóirí a bheith feasach go gceadaítear le hAlt 66(6) den Acht Oideachas (Iontráil Scoileanna), 2018 comhroinnt sonraí idir scoileanna d’fhonn iontráil éifeachtach daltaí a éascú.

13.   Liosta feithimh i gcás ró-iarratais

I gcás go mbeidh níos mó iarratas ar an scoilbhliain lena mbaineann ná na háiteanna atá ar fáil, tiomsófar liosta feithimh de dhaltaí nár éirigh lena n-iarratas ar iontráil chuig Pobalscoil Ghaoth Dobhair mar gheall ar ró-éileamh ar an scoil agus beidh siad bailí don scoilbhliain ina bhfuil cead isteach á lorg.

Tá socrúchán ar liosta feithimh Pobalscoil Ghaoth Dobhair san ord tosaíochta a shanntar d’iarratais na ndaltaí tar éis don scoil na critéir roghnúcháin a chur i bhfeidhm de réir an pholasaí iontrála seo.

Déanfar tairiscintí maidir le haon áiteanna ina dhiaidh sin a bheidh ar fáil don scoilbhliain agus lena linn a bhfuil cead isteach á lorg ina leith maidir leis na daltaí sin ar an liosta feithimh, de réir an oird tosaíochta ar cuireadh na daltaí ar an liosta.

14.   Iarratais Dhéanacha

Breithneofar agus déanfar cinneadh ar gach iarratas ar chead isteach a fhaightear tar éis an dáta deiridh mar atá leagtha amach san fhógra iontrála bliantúil de réir pholasaí iontrála ár scoile, de réir an Achta um Iontrálacha Scoile 2018 agus de réir aon rialacháin a rinneadh faoin Acht sin.

15.   Nósanna imeachta maidir le daltaí a ligean isteach i mblianta eile agus le linn na scoilbhliana

 

Seo a leanas nósanna imeachta na scoile maidir le daltaí a ligean isteach nach bhfuil glactha isteach sa scoil cheana féin chuig ranganna nó blianta seachas grúpa iontrála na scoile:

1.     Aistriú ó Scoil Eile

(a)             Tá foirmeacha aistriú agus iontrála le líonadh isteach ag na daltaí atá ag bogadh ó scoil eile, nuair atá achan rud socraithe leis an scoil roimh ré

(b)             Beidh litir mholta de dhíth fosta sular nglacfar leis an scoláire.

2.     Athiarrthóirí

a)     Glacfaidh an scoil le méid áirithe athiarrthóirí atá ag iarraidh an Ardteist a dhéanamh don dara huair má tá na hacmhainní ann le sin a dhéanamh.  Cuirfear in iúl do na micléin ag tús an 5ú Bliain agus an 6ú Bliain nach nglacfar ar ais iad mar athiarrthóirí – a) muna mbíonn siad sásta glacadh le rialacha agus le polasaithe na scoile agus b) múna n-iompraíonn siad iad féin le linn an 5ú agus an 6ú Bliain agus comhoibriú maith a thabhairt do fhoireann na scoile agus dá gcomhscoláirí le linn na mblianta sin.

b)     Caithfidh an scoláire iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig an scoil roimh dháta a shocróidh an scoil.

c)      Cuirfear agallamh ar gach scoláire sula bhfaigheann siad cead pilleadh mar athiarrthóir

 

 

 

Is iad a leanas nósanna imeachta na scoile maidir le daltaí a ligean isteach nach bhfuil glactha isteach sa scoil cheana féin, tar éis thús na scoilbhliana ina lorgaítear an cead isteach:

1.     Aistriú ó Scoil Eile

a)               Tá foirmeacha aistriú agus iontrála le líonadh isteach ag na daltaí atá ag bogadh ó scoil eile, nuair atá achan rud socraithe leis an scoil roimh ré.

b)               Beidh litir mholta de dhíth fosta sular nglacfar leis an scoláire.

c)                I gcásanna nuair atá páiste ag teacht isteach le linn na scoilbhliana, caithfear coinne a dhéanamh leis an phríomhoide,tuismitheoirí/Caomhnóirí agus an scolaire é féin le riachtanaisí an dálta a phlé.

16.   Dearbhú maidir le gan táillí a ghearradh

Baineann an riail seo le gach scoil.

Ní ghearrfaidh bord Pobalscoil Ghaoth Dobhair ná aon duine a ghníomhaíonn thar a cheann táillí ar íocaíocht nó ní lorgeoidh sé nó sí íocaíocht ná ranníocaíocht (cibé slí a dtuairiscítear) mar choinníoll de –

  • iarratas ar dhalta a ligean isteach sa scoil, nó
  • iontráil nó clárú leanúnach dalta sa scoil.

Tabhair faoi deara:  Ní bhaineann eisceachtaí ach le meánscoileanna a ghearrann táillí, leis an ngné chónaithe i Scoileanna Cónaithe agus le ligean isteach i gcúrsaí Iar-Ardteistiméireachta nó cúrsaí breisoideachais a reáchtálann iar-bhunscoileanna.

17.   Socruithe maidir le daltaí nach bhfreastalaíonn ar theagasc reiligiúnach

Ní mór do scoileanna a chuireann teagasc reiligiúnach ar fáil do dhaltaí an chuid seo a chomhlánú.

Seo a leanas socruithe na scoile do dhaltaí, sa chás gur iarr na tuismitheoirí, nó i gcás go bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe ag an dalta, a d’iarr go bhfreastalódh an dalta ar an scoil gan freastal ar theagasc reiligiúnach sa scoil. Ní bheidh laghdú ar lá scoile na ndaltaí sin mar thoradh ar na socruithe sin.

 

Cuireann Pobalscoil Ghaoth Dobhair oideachas reiligiúnach ar fáil i ngach bliainghrúpa mar go gcuireann sé forbairt iomlánaíoch na ndaltaí chun cinn agus go bhfuil sé ábalta cur lena bhfolláine ar bhealach dearfach ag teacht le prionsabail Chreat na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí agus de réir mheoin an Ghníomhais Iontaobhais. Éascaíonn sé na luachanna intleachta, sóisialta, mothúchánacha, spioradálta agus forbairt mhorálta daltaí agus spreagann sé meas a bheith ar gach ball i bpobail na scoile. Ina theannta sin, tacaíonn oideachas reiligiúnach le gné ‘il-sainchreidmheach’ éitis ár scoile mar go dtugann sé deis do dhaltaí páirt a ghlacadh i gceisteanna a bhaineann lena gcreideamh reiligiúnach nó neamhreiligiúnach féin nó daltaí eile.

Tá sé tábhachtach sa chomhthéacs sin go dtuigtear an difear idir ‘oideachas reiligiúnach’ agus ‘treoir reiligiúnach’:

  • oideachas reiligiúnach oscailte go gach dalta cibé gealltanas atá déanta acu do reiligiún nó cruinneshamhail ar leith. Tá mar aidhm leis cur le forbairt spioradálta agus forbairt mhorálta gach dalta ar chomhchéim.
  • Is treoir í treoir reiligiúnach atá de réir deasghnáth, cleachtaí agus teagasc reiligiúin nó sainchreidimh faoi leith a thabhairt do dhaltaí den traidisiún reiligiúin sin a thabhairt le fios.

I bhfianaise go bhfuil Oideachas Reiligiúnach seachas Treoir Reiligiúnach curtha sa chlár ama ar fud ár scoile ag gach leibhéal ní thagann an riachtanas dlí go gcaithfear comhairle a thabhairt maidir leis an rogha gan páirt a ghlacadh i treoir reiligiúnach chun cinn.

 

18.   An ceart chun athbreithnithe/achomhairc

Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta

Féadfaidh tuismitheoir mac léinn, nó i gcás mac léinn a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici féadfaidh sé/sí a iarraidh ar an mbord athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh áit sa scoil a dhiúltú. Ní mór iarratais den gcineál sin a dhéanamh de réir Alt 29C den Acht Oideachais 1998.

Tá an t-amlíne ina gcaithfear athbhreithniú den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hathbhreithnithe den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Déanfaidh an Bord athbhreithnithe den gcineál sin de réir na nósanna imeachta a rialaítear faoi Alt 29B i gcomhair le Alt 29C den Acht Oideachais 1998.

Tabhair faoi deara:  Sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.

Sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998.

 

Ceart achomhairc

Faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998, féadfaidh tuismitheoir mac léinn, nó i gcás mac léinn a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe aige/aici, féadfaidh sé/sí achomharc a dhéanamh ar chinneadh na scoile seo áit sa scoil a dhiúltú.

Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.

Is féidir achomharc a dhéanamh faoi Alt 29 (1)(c)(i) den Acht Oideachais 1998 sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar chúis seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil.

Sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, ní mór don iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)

Sa chás gur diúltaíodh áit d’iarratasóir mar gheall ar chás seachas ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, féadfaidh an t-iarratasóir iarraidh ar an mbord bainistíochta athbhreithniú ar an gcinneadh sin a dhéanamh roimh achomharc a dhéanamh faoi alt 29 den Acht Oideachais 1998. (féach Athbhreithniú ar chinntí an Bhord Bainistíochta)

Déanfar achomhairc faoi Alt 29 den Acht Oideachais 1998 a mheas agus a chinneadh ag coiste neamhspleách achomhairc arna cheapadh ag an AIre Oideachais agus Scileanna.

Tá an t-amlíne ina gcaithfear achomharc den gcineál sin a iarraidh agus na ceanglais eile a bhaineann maidir le hachomhairc den gcineál sin leagtha amach sna nósanna imeachta arna gcinneadh ag an Aire faoi alt 29B den Acht Oideachais 1998 atá foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna.