Polasaí Leanúntas Bheartas Tacaíochta

Ráiteas Físe

 

Gur áit í Pobalscoil Ghaoth Dobhair ina mbeadh ard bhéim ar mheas ar a chéile, ar neamhspleáchas, ar fhéin mhuinín agus ar an fhírinne chun timpeallacht a chothú trí mheán na Gaeilge inár féidir le daltaí agus leis an fhoireann forbairt de réir a gcumas go pearsanta, go sóisialta, go h-intleachtúil, go spioradálta, go morálta agus go fisiciúil, chun a n-uaschumais a bhaint amach.

 

Aidhmeanna

  • Go gcuirfidh ranganna faoi leith/speisialta ar fáil do dhaltaí a bhfuil riachtanais faoi leith/speisialta acu
  • Go gcaithfidh an scoil deimhniú go bhfuil riachtanais faoi leith ag daltaí tré scrúduithe measúnú a chur ar an 1ú (CAT 4).
  • Go gcuirfidh na múinteoirí acmhainní/tacaíochta triallacha cui measúnú ar dhaltaí na 1ú agus na 2ú bliain
  • Dalta ar bith a bhfuil aois léitheoireachta, litriú nó cumas uimhreacha os cionn 10 mbliana acu, níl siad i dteideal tacaíocht nó ranganna speisialta a fháil
  • Go gcuirfidh tuismitheoirí daltaí a bheadh ag cuardach tacaíocht/cuidiú sa bhreis faoi agallamh / cruinniú a bheith acu leis an phríomhoide, an cheann bliana cuí, an múinteoir tacaíochta/acmhainní agus an múinteoir gairm treoir lena roghanna agus impleachtaí a mhíniú daofa.  Ní bheidh an dalta i láthair ag an chruinniú seo
  • Go ndéanfaidh an múinteoir acmhainn nó tacaíochta a ndícheall le comhoibriú na dtuismitheoirí agus foireann na scoile, scrúdú síceolaí a fháil do na daltaí sin a bhfuil gá acu leis, le am sa bhreis a fhail sna scrúduithe 7rl.
  • Caithfidh comhoibriú a bheith idir an scoil agus tuismitheoirí na daltaí le ‘Plean Aonarach Oideachas’ a scríobh
  • Déanfaidh an scoil cinntiú go ndéanfar iarratais chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le scríbhneoirí, léitheoirí agus bogearraí  a chur ar fáil faoi mar a bhéas molta ag tuairisc an síceolaí don Ard teist agus na tuairisc an síceolaí agus tuairim na múinteoirí don Teastas Sóisearach, nó do na scrúduithe Stáit agus más gá go mbeidh an deis céanna ag na scrúduithe tí/triallach
  • Glactar leis gur buntáiste atá sna cúntóirí ranga ach go gcaithfear a gcuid dualgais a chinntiú leis an phríomhoide roimh ré
  • Go gcaithfear riachtanais acmhainn na ndaltaí uilig a chomhlíonadh go hoideachasúil agus go fisiciúil chomh maith agus a féidir é.

 

Na Bun-Phrionsabal

  1. Go mbeadh an deis ag achan dalta le riachtanas speisialta freastal ar gnáth ranganna le gach dalta eile.
  2. Go bhfuil freagracht orainn uilig riachtanais na ndaltaí a chomhlíonadh. (Meet the needs of all pupils)
  3. De réir mar a dhéanann na daltaí freastal ar ranganna tacaíochta nó acmhainn go dtiocfadh laghdú ar na fadhbanna iompar sna ranganna, mar go mbeadh féin mheas na ndaltaí ag feabhsú.

  

Cuspóirí

  • Le féin mheas a spreagadh i measc na ndaltaí
  • Le cuidiú lena daltaí an obair is fearr agus ar féidir leo, a dhéanamh
  • Freagracht foghlaim na ndaltaí a bheith ar fhoireann na scoile uilig, ní ar na múinteoirí tacaíochta nó acmhainne amháin
  • Le cinntiú go bhfuil daltaí le riachtanais speisialta ábalta páirt iomlán a ghlacadh in achan gné de shaol na scoile, curaclam agus gníomhaíochtaí eile
  • Le cuidiú lena daltaí a mbeadh fadhbanna faoi leith acu ó thaobh léitheoireacht / scríobh nó mata de, a aimsiú chomh luath agus is féidir ar an bhealach is éifeachtaí
  • Le freastal a dhéanamh ar riachtanais daltaí faoi bhac ag baint úsáid as na háiseanna/acmhainn atá ar fáil sa scoil
  • Go mbeadh tuismitheoirí na ndaltaí faoi bhac gníomhach i saol scoile an dalta ag achan stáid den phróiseas tacaíochta

 

Sainmhíniú ar riachtanais speisialta

 

Is i treoir an (integrated) comhtháite, atá ag an scoil, áit a bhfuil daltaí le riachtanais speisialta i ngnáth ranganna scoile oiread agus is féidir linn, (sábháilteacht)

 

Tá freagracht orainn uilig riachtanais na ndaltaí seo a chomhlíonadh

 

De réir mar a thig laghdú ar na fadhbanna foghlama thig ardú ar féinmheas na bpáistí a bhfuil fadhbanna foghlamtha acu.

 

  1. An Múinteoir Ranga- Staid a haon

 

Tá an múinteoir ranga freagrach le riachtanais na ndaltaí le fadhbanna foghlama agus na daltaí cumasach a aithint ag leibhéal ranga.  Tá sé de dhualgas ar na múinteoirí ranga cinntiú go bhfuil ábhar fóirsteanach dona riachtanais faoi leith a bheadh ag daltaí áirithe.

 

Freagrachtaí eile a bheadh ar an mhúinteoir ranga ná: –

 

  • Cinntiú go bhfuil ábhar fóirsteanach do na daltaí ar fáil
  • Le dul chun cinn a aithint agus nótaí a ghlacadh de
  • Le cinntiú go bhfuil an ábhar ar fáil ag leibhéal atá fóirsteanach do na daltaí atá faoi bhac agus na daltaí cumasach
  • Le acmhainní idirdhealaithe (differentiated), tacaíocht sa litearthacht, scrúduithe oiriúnach a chur ar fáil
  • Le teagmháil a dhéanamh leis an cheann bliana, na múinteoirí acmhainne/tacaíochta cuí lena daltaí a bhfuil fadhbanna foghlama acu nó daltaí cumasach a chur ar aithne dó/di.

 

  • Na múinteoirí acmhainní/riachtanais speisialta – Staid a dó.

 

Tá na múinteoirí acmhainní / riachtanais speisialta freagrach as tacaíocht a chur ar fáil chun cuidiú le daltaí a bhfuil  fadhbanna foghlama acu.  Cuirfidh siad scéimeanna litearthachta agus/nó uimhreacht ar fáil dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth sna blianta uilig.

  • Le rolla a choinneáil de na daltaí a bheas ag fáil tacaíocht in ábhair éagsúla.
  • Le scéim litearthacht a chur ar fáil do na daltaí a bhfuil sé de dhíth orthu.
  • Le Plean Aonarach Foghlamtha a chur ar fáil do na daltaí sin a bhfuil tuairisc síceolaí acu.
  • Le tacaíocht a thabhairt do dhaltaí faoi bhac le ábhar eile a bhfuil a staidéar a dhéanamh acu orthu más féidir.
  • Le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí cuidiú lena bpáistí sa bhaile.
  • Le dul chun cinn i litriú agus sa léitheoireacht a mheas ag tús agus deireadh  gach scoil-bhliain.
  • Le spriocanna a thabhairt do dhaltaí le fadhbanna faoi leith lena ndíriú agus a threorú i rith na scoilbhliana.
  • Le cuidiú le daltaí a bhfuil fadhbanna acu lena gcuid scríbhneoireacht a fheabhsú tré úsáid a bhaint as bogearraí.
  • Le acmhainní liteartha a chur ar fáil ag leibhéal difriúla le cuidiú lena daltaí feabhas a chur ar a gcuid léitheoireacht agus a gcuid muinín ina n-ábaltacht a ardú.

 

 2.2 An Ceann Bliana agus an Múinteoir Gairmtreoir

 

Tá freagracht ag na cinn bliana fá choinne gach dalta sa bhliain faoina gcúram.  Ina measc tá na daltaí faoi bhac le fadhbanna foghlama nó fadhbanna iompar.

 

  • Rolla a choinneáil go beacht.
  • Cinntiú go bhfuil na daltaí sna ranganna cearta ag tús na bliana nó chomh luath agus a fheictear go bhfuil fadhb (ró dheacair nó ró furast) ag dalta in ábhar nó ag leibhéal áirithe.

 

  • An Síceolaí.- Staid a trí

 

Tá freagracht ar an síceolaí treoir a thabhairt dona múinteoirí chun cuidiú agus tacaíocht a thabhairt do dhaltaí ag an chead dhá staid den próiseas.

 

  • Dhéanfar tuairisc síceolaíochta a thabhairt do dhaltaí nach bhfuil dul chun cinn feiceálach.
  • Líonfar an foirm tagartha isteach I dteannta an mhúinteoir acmhainne, múinteoirí ranga ábhartha agus na tuismitheoirí.

 

Foghlaim

 

Ó thaobh fadhbanna foghlama de, beidh an ceann bliana agus na múinteoirí acmhainní/riachtanais speisialta/ ranga i dteagmháil lena chéile go rialta.

  • Le riachtanais liteartha agus mata a aimsiú sa chéad bhliain.
  • Lean pleananna aonarach oideachais a chur i gcrích dóibh siúd a bhfuil sé riachtanach.
  • Le teagmháil a dhéanamh lena tuismitheoirí go rialta.
  • Le dul chun cinn na ndaltaí a mheas ar bhonn rialta agus athruithe a dhéanamh más gá.
  • Labhairt le múinteoirí ranga a mbeadh deacrachtaí faoi leith ag na daltaí leis an ábhar.

 

Iompar

 

Ó thaobh iompar de, beidh an cheann bliana ag oibriú lena múinteoirí ranga, gairm treoir agus údaráis na scoile.

  • Le ábhar imní na múinteoirí a ghlacadh sios sa chóras smachta.
  • Le labhairt lena daltaí agus na fadhbanna iompar sin a phlé.
  • Le spriocanna a thabhairt do na daltaí le cuidiú leo a n-iompar a athrú nó a chur i gceart.
  • Le oibriú le tuismitheoirí nó caomhnóirí ag gach staid den chóras smachta.
  • Le comhoibriú le eagrais eile a bhfuil baint acu lena daltaí taobh amuigh den scoil.

 

Múinteoirí agus eagrais eile a bhfuil baint acu le daltaí le fadhbanna faoi leith

 

  • Eolas faoi dhaoine/múinteoirí a bhfuil cáilíochtaí acu nó cúrsaí faoi leith déanta acu a bhfuil baint acu le daltaí faoi bhac
  • An úsáid a bhaintear ar múinteoirí, áiseanna agus seirbhísí ó taobh amuigh den scoil
  • Socraithe le comhoibriú na múinteoirí a fháil
  • Nascanna le seirbhísí eile

 

Údaráis na Scoile

Dhéanfaidh an Bord Bainistíochta  faoi treoir ón bpríomhoide cinnte go bhfuil scéimeanna oiriúnach litearthachta agus uimhreacht ar fáil do na daltaí le fadhbanna foghlama.

 

Beidh an leas-phríomhoide  ag oibriú lena cinn bliana an t-am ar fad ó thaobh smachta agus dul chun cinn sa churaclam de.  Dhéanfaidh an leas-phríomhoide cinnte de go bhfuil seomraí agus áiseanna eile a bheadh riachtanach do na múinteoirí acmhainne nó riachtanais speisialta ar fáil.

 

Tá sé de fhreagracht ar an phríomhoide le cuidiú na cinn bliana agus an múinteoir acmhainn na pleananna aonarach foghlama a athscrúdú gach bliain agus cé bith athrú atá riachtanach a dhéanamh.

Tá sé de fhreagracht ar an múinteoir acmhainne le cuidiú na múinteoirí ranga agus na cinn bliana na daltaí a bheadh tuairisc síceolaí de dhíth orthu a aithint agus an obair páipéar riachtanach a ullmhú.

 

Tá baint ag an pholasaí seo le daltaí a bhfuil fadhbanna foghlama/fisiceach/soisialta/iompraíochta acu.

 

Beidh an polasaí seo a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs na hacmhainní atá ar fáil.

 

Is iad na acmhainní seo ná na múinteoirí atá ar fáil, am, áit oiriúnach, trealamh agus riachtanais an churaclam.

 

______________________________________________________________

 

Cuireadh an polasaí athbhreithnithe seo faoi bhráid Bord Bainistíochta na Pobalscoile ar an __________ agus tá athbhreithniú le déanamh air i Mean Fómhair ___________

 

Síniú _________________________________

Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta

 

 

Íoslódáil an Polasaí seo