Caighdeán Iompair a leagadh síos
Tá seans níos fearr go mbainfidh mic léinn tairbhe as a gcuid oideachais agus go mbeidh siad sona i dtimpeallacht struchtúrtha chomhbhách áit a n-éilítear chaighdeáin arda iompair agus áit a gcloítear leo.
Cuirtear in iúl i gcaighdeáin Pobalscoil Ghaoth Dobhair na cineálacha iompair agus caidreamh a chruthóidh timpeallacht dhearfach don teagasc agus don fhoghlaim. Cuireann siad síos ar an iompar a bhfuiltear ag súil leis ó gach ball de phobal na scoile.
Ábhar agus fócas na gcaighdeán
Ba chóir do chaighdeáin a éileamh ar gach ball de phobal na scoile iad féin a iompar ar bhealach a léiríonn meas ar dhaoine eile.
Fógraíonn caighdeáin luachanna dearfacha
Ba chóir go léireodh caighdeáin iompair luachanna mar seo a leanas:
• meas ort féin agus ar dhaoine eile
• cineáltas agus toilteanas cuidiú le daoine eile
• cúirtéis agus dea-bhéasaíocht
• cothroime
• a bheith ullamh bealaí urramacha a úsáid chun deacrachtaí agus coimhlint a réiteach
• maithiúnas.
Ba chóir do na caighdeáin an tiomantas dá bhfoghlaim féin agus d’fhoghlaim a gcomhpháirtithe a bhfuil an scoil ag súil leis ó mhic léinn a chur in iúl. Is féidir na gnéithe seo a leanas a bheith mar chuid den tiomantas:
• freastal ar scoil go rialta agus a bheith poncúil
• do dhícheall a dhéanamh sa rang
• freagracht a ghlacadh as do chuid oibre
• cloí leis na rialacha
• cabhrú le timpeallacht dhearfach shábháilte a chruthú
• meas a bheith agat ar an bhfoireann
• meas a bheith agat ar dhaltaí eile agus ar a gcuid foghlama
• páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí scoile.
• meas d’ár dteanga agus d’ár gcultúr a léiriú
Léiríonn caighdeáin an t-iompair do-ghlactha
Ar na bealaí chun fógairt do bhaill an phobail scoile na cineálacha iompair nach bhfuil inghlactha sa scoil is féidir feidhm a bhaint as caighdeáin, mar shampla:
• iompar a ghortaíonn daoine eile (bulaíocht, ciapadh, leithcheal agus íospairt san áireamh)
• iompar a chuireann isteach ar theagasc agus ar fhoghlaim
• bagairtí nó duine eile a ghortú go fisiceach
• damáiste do mhaoin
• goid
• dí-mheas a léiriú don teanga nó don chultúr.
An dóigh a dtig le múinteoirí, tuismitheoirí/caomhnóírí agus daltaí scoil sásta a cruthú.
Ar na gnéithe a bheadh i gcur chuige sa scoil uile i ndáil le hiompar bheadh:
• an t-éiteas, polasaithe agus cleachtais a bheith i gcomhréir lena chéile
• obair mar fhoireann i ndáil le hiompar
• cur chuige uile scoile i leith an churaclaim agus i ndáil leis an seomra ranga a bhainistiú
• pobal scoile atá cuimsitheach agus rannpháirteach
• próiseas córasach don phleanáil agus d’athbhreithniú polasaí iompair.
RÓIL AGUS FREAGRACHTAÍ
Faoi fhorálacha an Achta Oideachais, 1998, is é Bord Bainistíocht Phobalscoil Ghaoth Dobhair a chuireann feidhmeanna áirithe i gcrích arna sonrú san Acht.
An Bord Bainistíochta
Is é ról foriomlán an Bhoird Bhainistíochta a chinntiú go bhforbraítear cód iompair sa scoil. Mar scoil gaeltachta, tá ár bhféiniúlacht, éiteas, luachanna agus cultúr féin againn. Tá freagracht ar leith ar an Bhord as éiteas na scoile, chomh maith le freagracht fhoriomlán as polasaithe scoile. Bíonn ról lárnach ag an Bhord sa phróiseas lena bhféachfar ar na cineálacha caidreamh agus iompair a léireoidh an t-éiteas sin.
Tugann an Bord baill uile na scoile isteach le bheith páirteach san obair ar an gcód iompair. Beidh taifead foirmiúil déanta ag an Bhord de ghlacadh leis an gcód iompair, chomh maith leis an dáta tosaithe agus cinntí athbhreithnithe maidir le cén uair a dhéanfaí athbhreithniú ar an chód.
An Príomhoide
Tascanna tábhachtacha ceannaireachta is ea forbairt nó athbhreithniú, agus cur i ngníomh an chóid iompair scoile a phleanáil. Beidh an fhreagracht ar an Phríomhoide as obair ar an gcód iompair a stiúradh, faoi threoir an Bhoird.
Múinteoirí agus Baill Foirne eile
Tá ról ríthábhachtach ag múinteoirí in athbhreithniú nó nuashonrú an chóid iompair scoile. Tugann siad a saineolas gairmiúil isteach leo sa phróiseas seo, ar na naisc idir iompar agus an fhoghlaim a thuigbheáil; chomh maith lena dtaithí ar na nithe a chuidíonn le mic léinn iad féin a iompar go maith; agus tugann siad eolas ar an scoil agus ar phobal na scoile leo.
Tuismitheoirí/ Caomhnóírí
Bhí ionchur dearfach ag choiste na dtuismitheoirí i bhforbairt ár gcód. Éireoidh níos fearr le cód iompair má thugtar an deis do thuismitheoirí cur le próiseas forbartha athbhreithniú an chóid ar bhealaí cuiditheacha. Bainfidh a rannpháirtíocht leas as a n-ionchais, a léargais agus a dtaithí. Cuideoidh sé fosta béim a leagan ar a bhfreagrachtaí as iompar a gcuid páistí. Is féidir le comhoibriú idir tuismitheoirí/caomhnóirí agus baill foirne i bhforbairt an chóid iompair:
• léargas a thabhairt do thuismitheoirí ar a bhfuil ag teastáil ó mhúinteoirí chun go mbeidís in ann teagasc go héifeachtach
• an t-ábhar a thabhairt do thuismitheoirí chun go bhféadfaidís na teachtaireachtaí faoin bhfoghlaim agus iompar a chuideoidh le scoil shona a chruthú a atreisiú sa bhaile
• cuidiú le tuismitheoirí/caomhnóírí braistint láidir bhróid a bheith acu as an scoil chomh maith le braistint na húinéireachta ar an obair
• cuidiú lena chinntiú go dtugann tuismitheoirí/caomhnóírí teachtaireachtaí comhleanúnacha do mhic léinn maidir leis an mbealach le caitheamh le daoine eile.
Daltaí
Bhí páirt ag na ndaltaí i bhforbairt an cód iompar. Is é is dóichí go dtacóidh daltaí le cód iompair sa chás gur chuidigh siad lena fhorbairt. Is féidir le caidrimh mhuiníne idir múinteoirí agus mic léinn neartú de bharr an phróisis. Trína rannpháirtíocht san obair seo, maidir leis na mic léinn:
• chuala siad go díreach ó na múinteoirí faoina bhfuil ag teastáil le haghaidh an teagaisc agus na foghlama
• fuair siad taithí ar a bheith páirteach i gcomhiarracht lena chinntiú go mbeidh an scoil ina háit mhaith le teagasc agus le foghlaim
• d’foghlaim siad faoi fhreagracht phearsanta a ghlacadh as a n-iompar agus as folláine a chéile agus folláine na múinteoirí
• d’fhoghlaim siad scileanna buntábhachtacha a bhaineann le héisteacht, le hidirbheartaíocht agus le difríochtaí a bhainistiú
• fuair siad aitheantas as a dtaithí, a léargais agus a n-ionchais agus úsáid a bhaint astu sin.
ROINN A: AN CÓD IOMPAIR
Is é atá sa chód iompair ná sraith clár, cleachtas agus nósanna imeachta a chuimsíonn plean na scoile cuidiú le mic léinn a bheith deá-iompartha agus foghlaim go maith ar scoil.
Cuidíonn an cód iompair le pobal na scoile éiteas, polasaithe, nósanna imeachta agus cleachtais na scoile a chothú a spreagann deá-iompar agus a choisceann iompar do-ghlactha. Cuidíonn an cód iompair le múinteoirí, agus le baill foirne eile, le mic léinn agus le tuismitheoirí/caomhnóírí oibriú lena chéile d’fhonn scoil éifeachtach shlán a bheith ann.
RIALACHA SCOILE: POBALSCOIL GHAOTH DOBHAIR
a) Cuireann Pobalscoil Ghaoth Dobhair oideachas d’ardchaighdeán ar fáil trí mheán na Gaeilge. Creideann sí sa Chultúr Ghaelach, i gcothromaíocht, i luach an duine agus i spiorad an náisiúin.
b) Ba mhian linn a chur in iúl do thuismitheoirí/do chaomhnóirí agus do scolairí go mbeimid ag dréim le caighdeán ard-iompar agus comhoibriú i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
c) Braitheann an scoil ar chaighdeán ard iompar agus comhoibriú chun atmaisféar foghlama dearfach a chothú ina ndéantar deathréithe, pearsantacht, spioradáltacht, moráltacht agus síbhialtacht an duine a fhorbairt agus a spreagadh.
d) Creideann an scoil i spreagadh agus moladh an duine agus tabharfar moladh do dhea obair agus iompar díograsach.
e) Ma tharlaíonn sé go mbíonn iompar aon scoláire mí-shásúil cuirfear smachtbhannaí éagsúla i bhfeidhm chun déileáil leis seo.
SLÁINTE AGUS FOLLÁIN AN SCOLÁIRE
a) Caithfidh gach scoláire éide scoile ceart a bheith orthu achan lá.
b) Caithfidh culaith spóirt iomlán a bheith leat chun na scoile aon lá a bhfuil corpoideachais le bheith agat.
c) Níl cead ag gasúraí fáinne/studa de chineál ar bith a chaitheamh. Níl cead iad a chaitheamh fiú amháin agus clúdach orthu. Níl cead ag cailíní fáinní/studaí a chaitheamh ach amháin sna cluasa. Ní ghlacfar le fáinne cluaise crochta de chineál ar bith.
d) Má tá gruaig fhada agat, coinnigh ceangailte siar í.
e) Tá cosc iomlán ar Tippex, pinn lasair agus rudaí contúirteacha eile den tsórt.
f) Ta cosc iomlán ar chaitheamh tobac, alcól agus drugaí mídhleathacha eile san fhoirgneamh scoile, i dtimpeallacht na scoile, ag teacht nó ag imeacht ón scoil nó ag glacadh páirt i ngníomhaíocht scoile d’aon tsórt.
g) Tá cosc iomlán ar ghuma coganta.
h) Ní thabharfaidh aon bhall den fhoireann leigheas d’aon tsórt amach do scoláire ar bith. Is é seo dualgas an scoláire féin agus tuismitheoirí/caomhnóirí.(Acht um Sláinte agus Sábháilteachta)
SÁBHÁILTEACHT AN SCOLÁIRE
a) Níl cead timpeallacht na scoile a fhágáil ar aon chúis ach le cead roimhré ó thuismitheoirí/chaomhnóirí, ón Phríomhoide nó baill eile d’fhoireann teagaisc na scoile a bhfuil an údarás seo acu.
b) Tá nóta ó thuismitheoirí/caomhnóirí de dhíth (le síniú agus dáta scríofa air) fá choinne na rudaí seo a leanas:
(i) Ma bhíonn dalta as láthair ón scoil.
(ii) Má thagann dalta isteach mall ar scoil ar maidin.
(iii) Má chaithfidh an dalta an scoil a fhágáil go luath ar aon chúis.
(iv) Muna bhfuil an obair bhaile críochnaithe nó déanta i gceart ag an dalta.
(v) Muna bhfuil éide scoile ceart ar an dalta.
c) Níl cead bheith ag rith i bhfoirgneamh na scoile.
d) Níl cead fanacht thart timpeallacht na scoile i ndiaidh am scoile ach amháin do gníomhaíocht scoile a bhfuil feitheoireacht á dhéanamh air.
TINREAMH AGUS PONCÚLACHT
a) Caithfidh gach scoláire bheith i láthair sa scoil agus réidh don chéad trí rang an mhaidin sin gach maidin roimh 8.55 r.n.
b) Caithfidh gach scoláire déanamh réidh do ranganna nuair a bhuailtear an clog ag 11.10 r.n. agus 1.35 i.n. Níl cead filleadh ar thaisceadáin idir ranganna agus diúltófar an cead seo má iarrtar.
c) Caithfidh gach scoláire bheith i láthair ag an tionóil ag 11.15 r.n. achan lá.
d) Caithfidh scoláire a thagann isteach mall ar aon chúis an leabhar mall a shíniú.
e) Caithfidh scoláire atá ag fágáil na scoile ar aon chúis síniú amach mar is cóir.
IOMPAR GINEARÁLTA
a) Is í an Ghaeilge teanga na scoile. Caithfidh scoláirí an Ghaeilge a usáid sa scoil i gcónaí.
b) Caithfidh scoláirí bheith múinte i gcónaí le foireann na scoile, lena chéile agus le cuairteoirí.
c) Caithfidh scoláirí treoir an mhúinteora a ghlacadh i gcónaí. Má iarrtar ort rud éigin réasúnta a dhéanamh, caithfear sin a dhéanamh.
d) Níl cead bheith ag ithe nó ag ól sna seomraí ranga gan cead. Níl cead bheith ag ithe nó ag ól ach sna háiteanna agus ag na hamannta leagtha síos ag an scoil. Fág achan seomra agus clós na scoile néata agus glan i do dhiaidh.
e) Níl cead usáid a bhaint as ríomhairí scoile nó an idirlíon ach faoi stiúir ball den fhoireann teagaisc.
MAOIN NA SCOILE AGUS MAOIN PHEARSANTA
a) Ma dhéantar aon damáiste sa scoil tá sé de dhualgas ar an scoláire é seo a chur in iúl do mhúinteoirí láithreach. Ba chóir do scoláirí meas a bheith acu ar mhaoin na scoile, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga i gcónaí, agus damáiste ar bith déanta de bharr droch-chúraim nó mí-iompar a cheartú.
b) Ní ghlacann an scoil aon fhreagracht as maoin an scoláire a bhíonn caillte nó a bhíonn damáiste déanta di. Dá bhrí sin iarrtar ar thuismitheroirí/caomhnóirí na lipéid cóir a chur ar mhaoin phearsanta an scoláire.
c) Níl cead MP3, walkman, raidió phearsanta nó aon rud cosúil leo a bheith tógtha isteach sa scoil.
d) Tá cosc iomlán ar fón póca nó ceamara fón sa scoil. Glacfar fón ar bith a bhíonn istigh i rith an lae scoile ar shiúl ón scoláire. Iarrfar ar thuismitheoir/caomhnóir an fón a bhailiú ón oifig idir 2.20 agus 3.00 ar an Aoine amháin. I gcás go n-úsáideann scoláire ceamara fón le griangraf nó taiféad ar bith eile de scoláire eile nó aon bhall de phobal na scoile a ghlacadh i rith an lae scoile, cuirfear an scoláire ar fionraí.
e) Iarrtar ar scoláirí gan earraí luachmhara a bheith ar scoil leo. Thig le daltaí rudaí luachmhara a fhágáil san oifig i rith an lae scoile más gá.
IOMPAR RANGA
a) Níl cead – ach i gcás éigeandála – an seomra ranga a fhágáil i rith ranga.
b) Caithfidh obair bhaile a bheith déanta go críochnúil gach oíche agus nóta a bheith istigh muna bhfuil.
c) Caithfidh scoláirí cloí leis na rialacha leagtha síos ag an múinteoir ranga.
d) Ba chóir do scoláirí fanacht go ciúin taobh amuigh den seomra ranga go dtí go ligtear isteach iad.
DIALANN SCOILE
a) Caithfidh scoláirí an dialann scoile a bheith leo in achan rang.
b) Caithfidh scoláirí an dialann a choinneáil oscailte ar an bhord agus é a thabhairt don mhúinteoir má iarrtar orthu é seo a dhéanamh.
c) Caithfidh scoláirí an dialann a choinneáil glan agus néata i gcónaí.
d) Níl cead aon rud a sraiceadh amach as an dialann scoile, ag aon am, ar aon chúis.
e) Baileoidh an ceann ranga an dialann scoile uair sa tseachtain chun scrúdú a dhéanamh uirthi.
f) Caithfear obair bhaile a scríobh sa dialann scoile.
g) Caithfear an dialann scoile a bheith sínithe ag tuismitheoir/caomhnóir achan seachtain.
h) Má theipeann ar scoláire obair bhaile a dhéanamh mar is ceart nó é/í féin a iompar mar is ceart sa seomra ranga scríobhtar cuntas de sa dialann scoile.
i) Muna mbíonn éide scoile iomlán ar an scoláire scríobhtar cuntas de sa dialann scoile.
OBAIR BHAILE
a) Caithfidh obair bhaile a bheith déanta go críochnúil achan oíche agus nóta a bheith istigh muna bhfuil.
IMEACHTAÍ SCOILE
a) Nuair a bhíonn scoláire ag glacadh páirt in imeachtaí scoile, turasanna scoile nó gníomhaíochtaí d’aon tsórt lasmuigh den churaclam scoile táthar ag súil le hiompar den chéad scoth agus comhoibriú iomlán leis an mhúinteoir i bhfeighil na himeachta. Má bhíonn gá leis an éide scoile táthar ag súil leis go gcaitear an éide scoile iomlán ceart. Baineann na rialacha scoile céanna leis na himeachtaí seo. Aon scoláire a ligeann síos a scoil, ligeann sé/sí síos iad féin agus an pobal áitiúil.
SCRÚDUITHE
a) Baineann na gnáth rialacha scoile le hamanta scrúduithe. Táthar ag súil leis go mbeadh achan scoláire i láthair in am agus ullmhaithe d’achan scrúdú agus táthar ag súil le hiompar den chéad scoth ó gach scoláire le linn an tréimhse scrúdaithe.
ROINN B : PROISÉAS DISCIPLÍN
Smachtbhanna / modhanna smachtúla
Bíonn gach múinteoir freagrach as smacht ina ábhar/ina hábhar féin. Is féidir cuntas de dhrochiompar mionchúiseacha a chur in iúl do thuismitheoirí trí cuntas a scríobh sa Dialann. Iarrtar ar thuismitheoirí an Dialann a shíniú ag deireadh gach seachtain. Má leanann an drochiompar is féidir leis an mhúinteoir scoláire a chur tríd an chóras mar seo a leanas:
Cártaí buí agus dearg
• Nuair a fhaigheann scoláire carta buí, cuirfidh an múinteoir an cárta a bhéas sínithe (ag an scoláire agus ag an mhúinteoir), isteach san fhillteán smachta. Caithfidh an scoláire an cárta a shíniú.
• Nuair atá trí chárta buí faighte ag an scoláire, is ionann sin agus cárta dearg.
• Má tharlaíonn seo rachaidh an Ceann Bhliana i dteagmháil leis an bhaile láithreach, tré fón/litir.
• Thiocfadh le scoláire cárta dearg díreach a fháil fosta agus cuirfear sin in iúl mar an gcéanna don bhaile.
• Má shaothraíonn scoláire an dara cárta dearg, bhéarfaidh an Ceann Bhliana cuireadh isteach ’na scoile dona tuismitheoirí/caomhnóirí le hiompar an scoláire a phlé.
• Má fhaigheann an scoláire an tríú cárta dearg, cuirfear ar fionraí é/í ar feadh trí lá. Ceithre lá a bhéas i gceist don dara fionraíocht, má fhaigheann an scoláire cárta dearg eile, agus dá réir sin (5 lá i ndiaidh cárta eile).
• Beidh na cártaí buí/dearg á n-iompar ar aghaidh go dtí an chéad scoil bhliain eile, ach amháin ón 3ú bliain go dtí an 4ú Bliain/Idirbhliain.
Mí-Iompar a shaothróidh Cárta Buí
• Guma coganta.
• Ag cur isteach go rialta ar theagasc an mhúinteora nó foghlaim ranga.
• Luascadh (siar, aniar) go rialta ar chathaoir.
• Ag scríobh ar an deasc, cathaoir nó trealamh ar bith eile de chuid na scoile.
• Ag caitheamh bruscar trasna an ranga nó sna hallaí agus pasáistí.
• Gan na téacsleabhair nó ábhair chuí a bheith leis an scoláire isteach ‘na ranga.
• Ag fágáil suíochán, ag dul i dtreo an dorais sula mbuaileann an chlog ag deireadh an ranga.
• Ag déanamh damáiste/dochar do thaisceadán (locker) scoláire eile.
• Mí-iompar ar bith eile nach bhfuil i rialacha na scoile.
Mí-Iompar a shaothródh Carta Dearg láithreach
• Dímheas do mhúinteoir.
• Tromaíocht foscailte soiléir tromchúiseach ar scoláire eile.
• Gan éide scoile iomlán ceart.
• Scríobh mhailíseach/damáisteach sa scoil (m.sh. foirgneamh, troscán, fearais) nó ar mhaoin scoláire eile.
• Ag fanacht amuigh as an rang d’aon turas.
• Ag fágáil timpeallacht na scoile gan cead.
• Gan freastal ar an scoil nuair a ba cheart duit gan cead faighte agat ón scoil nó ó do thuismitheoirí/caomhnóirí.
• Mall ar maidin 3 huaire.
• Drochchaint, mionnaí móra, caint ghraosta.
• Mí-iompar ar bith eile atá tromchúiseach agus a shaothraíonn cárta dearg.
COISTE SMACHTA
a) Tar éis 3 chárta smachta téann an scoláire os comhair an choiste smachta. Cuirtear litir abhaile chun seo a chur in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí.
b) Beidh deis ag an scoláire a chás/a cás a chur os comhair an choiste smachta agus cuirfidh an coiste moltaí/smachtbhannaí le chéile.
c) Beidh deis ag tuismitheoirí/caomhnóirí bheith i láthair ag an chruinniú seo. Cuirfear litir abhaile leis seo a chur in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí.
d) Beidh an coiste déanta suas den leasphríomhoide, ceann ranga agus ball den Choiste Cúram.
Is iad seo a leanas na moltaí/smachtbhannaí ar féidir leis an Choiste Smachta gearradh ar an scoláire:
• Scoláire a chuir ar conradh seachtaine
• An cás a chur chuig an Príomhoide le moladh an scoláire a chur ar fionraí. (Cásanna thromchúiseacha)
FIONRAÍ
Nuair a chuirtear na smachtbhannaí uilig i bhfeidhm, agus má leanann an scoláire ag briseadh an chórais smachta go rialta, cuirfear an scoláire sin ar fionraí. Cuirfear an Príomhoide seo in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí. Tá sé de chead ag tuismitheoirí/caomhnóirí achomharc a dhéanamh ar an cinneadh seo.
Beidh scoláire curtha ar fionraí má tharlaíonn roinnt eachtraí áirithe eile, mar shampla bheith as láthair ón scoil gan cead, bheith ag caitheamh tobac ar scoil nó nuair atá éide scoile a chaitheamh ag an scoláire. Cuirfear cúis agus tréimhse an fionnraithe in iúl i scríbhinn do thuismitheoirí/caomhnóirí.
I gcásanna géarchúiseacha is féidir fionraí láithreach a ghearradh ar scoláire agus é seo a chur in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí trí scairt gutháin a chur orthu agus ansin le litir sa phost.
Sula dtagann scoláire ar ais i ndiaidh bheith ar fionraí caithfidh sé/sí agus tuismitheoirí/caomhnóirí geallúint a thabhairt i scríbhinn i bhfoirm conradh go nglacfar le rialacha agus córas smachta na scoile.
Má chuirtear scoláire ar fionraí do thréimhse de 6 lá nó níos mó caithfidh an Príomhoide é seo a chur in iúl do OLO (Oifigeach Leasa Oideachais). I gcás mar seo caithfidh an Príomhoide an fionraí a chur in iúl do Bhord Bainistíochta na scoile agus caithfear a chur in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí go bhfuil sé de cheart acu achomharc a dhéanamh.
Is iad seo a leanas dualgaisí na húdaráis éagsúla leis an phróiseas disciplín a chur i bhfeidhm:
• Ceann Ranga
1. Déanann an ceann ranga monatóireacht ar an dialann scoile agus cuireann sé/sí in iúl don ceann bliana má bhíonn fadhb ann.
2. Tacaíocht agus comhairle a thabhairt d’aon scoláire sa rang a bhfuil deacrachtaí acu.
3. Scríobhann an ceann ranga amháin nótaí ar chúl an dialainne.
4. Tuairisc seachtaine – coimeádann an ceann ranga súil ar an tuairisc seachtaine
• Ceann Bliana
1. Tugann an ceann bliana cárta smachta don scoláire.
2. Coiste smachta – cuireann an ceann bliana litir abhaile chun cruinniú an choiste smachta á chur in iúl do thuismitheoirí/caomhnóirí.
3. Suíonn an ceann bliana ar an choiste smachta.
4. Buaileann an ceann bliana le tuismitheoirí/caomhnóirí más gá. Mar shampla: má chailltear an dialann scoil.
5. Teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Riachtanais Speisialta maidir le scoláire más gá.
• Leas Phríomhoide
1. Suíonn an leasPhríomhoide ar an choiste smachta.
2. Buaileann an leasPhríomhoide le tuismitheoirí/caomhnóirí nuair a bhíonn gá leis.
3. Déanann an leasPhríomhoide, in éineacht leis an Phríomhoide, monatóireacht ar an phroiséas smachta agus é á chur i bhfeidhm.
4. Tugann an leasPhríomhoide tacaíocht don ceann bliana agus é/í ag cur an proiséas i bhfeidhm.
• Príomhoide
1. Téann an Príomhoide i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí más gá.
2. Cuireann an Príomhoide (nó an LeasPhríomhoide má tá an Príomhoide as láthair) dalta ar fionraí más gá.
3. Tógann an Príomhoide cás an scoláire os comhair an Bhoird Bainistíochta más gá.
4. Glacann an Príomhoide céimeanna cóir le scoláire a dhíbirt ón scoil más gá.
5. Déanann an Príomhoide, in éineacht leis an leasphríomhoide, monatóireacht ar an phróiseas smachta agus é á chur i bhfeidhm.
Nóta: Ar mhaithe leis an scoláire is féidir leis na húdarais scoile comhairle/tacaíocht a fháil ó sheirbhísí eile lasmuigh den scoil ag am ar bith tríd an phróiseas thuasluaite.
Mar shampla: NEPS (National Educational Psychological Service)
ROINN C: PRÓISEAS DISCIPLÍN DEARFACH
Spreaganna agus Moladh
Creideann Pobalscoil Ghaoth Dobhair i spreagadh agus moladh an duine agus tabharfar moladh do dhea-obair agus iompar díograiseach mar seo a leanas:
a) Spreaganna ó mhuinteoirí in ábhair aonáracha
b) Notaí dearfacha sa dialann agus moladh sa rang
c) Nóta dearfach curtha abhaile nuair a thagann feabhas ar scoláire
d) Turasanna m.sh. Glaschú leis an 1ú agus 2ú bliain
e) “Córais spreagúil”
f) Oíche bhronnta duaiseanna
g) Gradam sar thinrimh
h) Gradam Acadúil
i) Scoláire na Bliana
j) Cailín/Buachaill Spóirt na Bliana
ROINN D: FIONRAÍ
An t-údarás mac léinn a chur ar fionraí
Tá údarás ag Bord Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair daltá a chur ar fionraí. I gcásanna ina dtarmligean an Bord Bainistíochta an t-údarás seo don Phríomhoide, caithfidh an Bord é seo a dhéanamh go foirmiúil agus i scríbhinn.
Fionraí Láithreach
I gcúinsí eisceachtúla féadfaidh an Príomhoide a bhreithniú go bhfuil fionraí láithreach oiriúnach i gcás ina léireofaí go mbeadh láithreacht leantach an mhic léinn ag an am sin mar fhíorbhagairt do shábháilteacht na mac léinn nó foirne na scoile, nó do dhuine ar bith eile. Beidh gnáthaimh chóra curtha i bhfeidhm i gcónaí.
Fionraí le linn Scrúduithe Stáit
De ghnáth ba chóir don Bhord Bainistíochta an smachtbhanna seo a cheadú agus ní chaithfear é seo a úsáid ach nuair a bhíonn:
• bagairt do dhea-ordú i reáchtáil an scrúdaithe
• bagairt do shábháilteacht na mac léinn agus daoine eile
• bagairt do cheart gach mic léinn eile leis an scrúdú a dhéanamh in atmaisféar suaimhneach.
Caithfidh smachtbhanna bheith mar fhreagra comhréireach ar iompar. Mar shampla, ní chuirfí i bhfeidhm ach go hannamh é más é seo an chéad uair a bhí mí-iompar i gceist leis an mac léinn áirithe seo, ach amháin i gcás go mbíonn bagairt ina fadhb do dhea-reáchtáil an scrúdaithe. Beidh an smachtbhanna seo a chur i bhfeidhm mar a dhéanfaí i gcásanna fionraí eile, agus beidh prionsabail agus nósanna imeachta na ngnáthamh cóir, a bhaineann le fionraithe, curtha i bhfeidhm. Tá treoir ar fáil do scoileanna san fhoilseachán “Best Practice concerning Certificate Examinations” de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna.
‘Uathfhionraí’
Is féidir leis an Bhord Bainistíochta a chinneadh, mar chuid de pholasaí na scoile maidir le smachtbhannaí, agus i ndiaidh próisis chomhairliúcháin leis an bPríomhoide, le tuismitheoirí/caomhnóírí, le múinteoirí agus le mic léinn, gur chóir go mbeadh fionraí ag gabháil le hiompar ainmnithe áirithe mar smachtbhanna. Ní bhaintear an dualgas, ámh, próiseas cuí an dlí agus nósanna imeachta a chomhlíonadh, le cinneadh uathfhionraí a bheith ag gabháil le hiompar ar leith.
Nósanna imeachta i ndáil le fionraí
• beidh an mac léinn agus a t(h)uismitheoirí curtha ar an eolas maidir leis an ngearán
• beidh deis tugtha do thuismitheoirí agus do mhic léinn freagra a thabhairt.
Nósanna imeachta i ndáil le fionraí láithreach
I gcás go mbraitheann an Príomhoide gur chóir mac léinn a chur ar fionraí láithreach, ar mhaithe le sábháilteacht an mhic léinn, na foirne nó daoine eile, beidh réamh-imscrúdú reáchtáilte chun cás a bhunú a thacódh leis an bhfionraí. Beidh an t-imscrúdú foirmiúil gearradh fionraí a leanstan. Beidh feidhm láithreach ag gach coinníoll a ghabhann le fionraí.
Tréimhse na fionraí
Ní bheidh an mac léinn curtha ar fionraí ar feadh tréimhse níos faide ná trí lá, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla ina bhfuil an Príomhoide den tuairim go bhfuil tréimhse níos faide ná trí lá de dhíth chun cuspóir áirithe a bhaint amach. Má bhíonn fionraí níos faide ná trí lá á meas, caithfear an t-ábhar a atreorú chuig an Bhord Bainistíochta chun breithniú agus faomhadh a dhéanamh air, ag cur na gcúinsí in iúl maille leis na torthaí measta. Cuirfidh an Bord Bainistíochta teorainn deich lá le tréimhse amháin fionraí ar bith. Déanfaidh an Bord athbhreithniú foirmiúil ar mholadh ar bith chun mac léinn a chur ar fionraí, i gcás gurb ionann an fionraí iomlán agus níos mó ná fiche lá as láthair sa scoilbhliain reatha. Tá fionraí mar seo faoi réir achomhairc faoi alt 29 den Acht Oideachais, 1998 (féach 11.7 Achomhairc).
Achomhairc
Tabhairfidh an Bord Bainistíochta deis achomharc a dhéanamh ar chinneadh Príomhoide mac léinn a chur ar fionraí.
Achomharc Alt 29
Nuair a bhíonn mac léinn curtha ar fionraí ag an scoil ar feadh tréimhse a thabharfadh iomlán na bhfionraí ar an mac léinn sin go dtí 20 lá scoile sa scoilbhliain reatha, is féidir leis na tuismitheoirí/caomhnóírí, nó le mac léinn atá 18 mbliana d’aois nó níos mó, cur isteach ar achomharc faoi alt 29 den Acht Oideachais, 1998, arna leasú ag an Acht Oideachais (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007.
Ag an am a mbíonn fionraí á cur in iúl do na tuismitheoirí/caomhnóírí, inseofar dóibh agus don mhac léinn faoina gceart achomhairc d’Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, faoi alt 29 den Acht Oideachais, 1998 agus tabharfaidh eolas ar an dóigh chun achomharc a dhéanamh.
An fhionraí a chur i ngníomh
Fógra i scríbhinn
Tabharfaidh an Príomhoide fógra i scríbhinn do na tuismitheoirí/caomhnóírí agus don mhac léinn maidir leis an gcinneadh é/í a chur ar fionraí. Beidh na nithe seo a leanas dhearbhaithe:
• tréimhse na fionraí agus na dátaí ar a dtosóidh agus ar a gcríochnóidh an fhionraí
• fáthanna na fionraí
• clár staidéir ar bith le leanúint
• socruithe ar fhilleadh ar scoil, agus gealltanais ar bith a chaithfidh an mac léinn agus na tuismitheoirí/caomhnóírí a chomhlíonadh?
• foráil achomhairc don Bhord Bainistíochta
• ceart achomhairc d’Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna (an tAcht Oideachais, 1998, alt 29).
Forais chun deireadh a chur le fionraí
Is féidir deireadh a chur le fionraí má chinneann an Bord Bainistíochta an fhionraí a bhaint ar aon chúis nó má threoraíonn Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don scoil an fhionraí a bhaint faoi alt 29 den Acht Oideachais, 1998.
I ndiaidh na fionraí
Cuirfear deireadh le fionraí ar an dáta a luafar i litir fhoirmiúil mar fhógra do na tuismitheoirí/caomhnóírí.
An dalta a ath-imeascadh
Beidh socrú déanta ag an scoil le ball foirne (m.sh rang mhúinteoir) tacaíocht a thabhairt don mhac léinn le linn próiseas an áth-imeasctha.
Scláta glan
Nuair a chuirtear deireadh le smachtbhanna ar bith, agus fionraí san áireamh, tabharfar deis don mac léinn agus tacófar leis/léi tosú as an nua.
Taifid agus Tuairiscí
Taifid imscrúdaithe agus cinnteoireachta
Beidh taifid fhoirmiúla/scríofa coiméadta ar:
• an imscrúdú (agus nótaí ar gach agallamh)
• an próiseas cinnteoireachta
• an cinneadh agus réasúnaíocht an chinnidh
• fad na fionraí agus coinníollacha ar bith ceangailte leis an bhfionraí.
Tuairisc don Bhord
Ba chóir don Phríomhoide tuairisc a thabhairt ar gach fionraí don Bainistíochta Bhord Bainistíochta.
Tuairisc don Bord Náisiúnta Leasa Oideachais
Tá sé de dhualgas ar an Phríomhoide fionraithe a thuairisciú de réir threoirlínte tuairiscithe an BNLO (An tAcht Oideachais (Leas), 2000, alt 21(4) (a)).
Athbhreithniú ar úsáid fionraí
Déanfaidh an Bhord Bainistíochta athbhreithniú ar úsáid fionraí sa scoil ar bhonn rialta chun a chinntiú go bhfuil a húsáid i gcomhréir le polasaithe na scoile, go ndéanfar pátrúin a scrúdú chun gnéithe a shainaithint a bhfuil tionchar acu ar iompar sa scoil agus a chinntiú go bhfuil úsáid fionraí comhréireach agus éifeachtach.
Díbirt
Díbrítear mac léinn as scoil nuair a dhéanann Bord Bainistíochta cinneadh an mac léinn sin a eisiamh go buan ón scoil, tar éis don Bhord forálacha alt 24 den Acht Oideachais (Leas), 2000 a chomhlíonadh.
An t-údarás mac léinn a dhíbirt
Tá údarás ag an Bhord Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair mac léinn a dhíbirt ón scoil. Tá an t-údarás seo ag an Bhord Bhainistíochta amháin.
Nósanna imeachta i ndáil le díbirt
Leanfar na céimeanna seo a leanas:
1. Imscrúdú sonrach faoi stiúir an Phríomhoide.
2. Moladh ón Phríomhoide chuig an Bhord Bainistíochta.
3. Breithniú an Bhord Bainistíochta ar mholadh an Phríomhoide, agus éisteacht a reáchtáil.
4. Breithniúcháin an Bhord Bainistíochta agus bearta i ndiaidh na héisteachta.
5. Comhairliúcháin a n-eagrú ag an Oifigeach Leasa Oideachais.
6. Dearbhú ar na chinneadh an mac léinn a dhíbirt.
Is don Bhord Bainistíochta é cinneadh a dhéanamh cad iad na tascanna sna céimeanna gnásúla seo a mbeadh gá cruinnithe ar leithligh a bheith ann dóibh agus cad iad na tascanna a bhféadfaí iad a chur i gcrích i gcruinniú amháin, i gcomhréir le fógra cuí a thabhairt do thuismitheoirí agus am cóir réasúnta a thabhairt d’éisteacht Boird.
Céim 1: Imscrúdú sonrach arna sheoladh faoi stiúir an Phríomhoide
Agus imscrúdú á dhéanamh ar líomhain, de réir gnáthamh cóir, ba chóir don Phríomhoide:
• an mac léinn agus na tuismitheoirí/caomhnóírí a chur ar an eolas faoin mhí-iompar líomhnaithe, sa dóigh go ndéanfar imscrúdú air agus go bhféadfaí díbirt a bheith mar thoradh air sin
• gach deis a thabhairt do na tuismitheoirí/caomhnóírí agus don mhac léinn freagairt don ghearán go raibh mí-iompar tromchúiseach ann sula nglacfaí cinneadh smachtbhanna a ghearradh.
Má theipeann ar mhac léinn agus a dtuismitheoirí/caomhnóírí freastal ar chruinniú, ba chóir don Phríomhoide scríobh chucu ag cur in iúl dóibh go bhfuil an scéal tromchúiseach, go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le freastal ar chruinniú athsceidealaithe agus, má theipeann orthu sin a dhéanamh, go mbeidh dualgas ar údaráis na scoile cinneadh a ghlacadh freagairt don iompar diúltach. Ba chóir don scoil taifead a choinneáil de na cuirí a seoladh chuig na tuismitheoirí/caomhnóirí agus na freagraí a fuaireadh uathu.
Céim 2: Moladh ón Phríomhoide chuig an Bhord Bainistíochta
I gcás go bhfuil an Príomhoide den tuairim, bunaithe ar an imscrúdú ar an mí-iompar líomhnaithe, go bhfuil díbirt tuillte ag an mac léinn, cuireann an Príomhoide moladh faoi bhráid an Bhord Bainistíochta díbirt a bhreithniú. Dualgais an Phríomhoide:
• a chur in iúl do na tuismitheoirí/caomhnóirí agus don mhac léinn go bhfuil iarrtha ar an Bhord Bainistíochta díbirt a bhreithniú
• a chinntiú go bhfuil taifid ag na tuismitheoirí/caomhnóirí: ar na líomhaintí in aghaidh an mhic léinn; ar an imscrúdú; agus ar fhógra scríofa de na forais ar a bhfuiltear ag iarraidh ar an Bhord Bainistíochta díbirt a bhreithniú
• na taifid chuimsitheacha chéanna a sholáthar don Bhord Bainistíochta a tugadh do na tuismitheoirí/caomhnóirí
• na tuismitheoirí/caomhnóirí a chur ar an eolas maidir le dáta na héisteachta a bheidh á reáchtáil ag an Bhord Bainistíochta agus cuireadh a thabhairt dóibh freastal ar an éisteacht sin
• comhairle a chur ar na tuismitheoirí/caomhnóirí gur féidir leo aighneachtaí scríofa agus ó bhéal a chur faoi bhráid an Bhord Bainistíochta
• a chinntiú gur tugadh dóthain fógra do na tuismitheoirí/caomhnóirí ionas go bhféadfaidís ullmhú don éisteacht.
Céim 3: Breithniú an Bhoird Bhainistíochta ar mholadh an Phríomhoide: agus éisteacht a reáchtáil
Tá sé mar fhreagracht ar an Bhord athbhreithniú a dhéanamh ar an réamh-imscrúdú agus a bheith deimhin de gur reáchtáladh an t-imscrúdú i gceart de réir gnáthaimh chóra. Déanfaidh an Bord a athbhreithniú féin ar an doiciméadú go léir agus ar chúinsí uile an cháis. Cinnteoidh an Bord nach bhfuil aon duine a raibh aon pháirt aige/aici sa chás mar chuid de bhreithniúcháin an Bhoird (mar shampla, ball den Bhord a bheadh tar éis rud a líomhain in aghaidh mic léinn).
I gcás go gcinneann an Bord Bainistíochta mac léinn a dhíbirt, reachtófaí éisteacht. Ag an éisteacht, cuireann an Príomhoide agus na tuismitheoirí/caomhnóírí, nó an mac léinn atá ocht mbliana déag d’aois, nó níos sine, a gcás os comhair an Bhoird i láthair a chéile. Beidh deis tughta do gach páirtí a gcás a dhéanamh agus cead a bheith acu fianaise an pháirtí eile a cheistiú. Féadfaidh an cruinniú deis a thabhairt fosta do thuismitheoirí a gcás a dhéanamh le go maolófaí an smachtbhanna. Agus an éisteacht á reáchtáil, beidh an Bhord cúramach a chinntiú go bhfuil siad neamhchlaonta agus go bhfuil an chuma air go bhfuil siad neamhchlaonta, amhail idir an Príomhoide agus an mac léinn. D’fhéadfadh gur mhian leis na tuismitheoirí/caomhnóírí duine a bheith leo ag an éisteacht agus beidh an Bhord ábalta é seo a éascú, ag teacht leis an deachleachtas agus de réir nósanna imeachta an Bhoird. Tar éis don Bhord an dá thaobh den scéal a chlos ní bheidh an Príomhoide agus na tuismitheoirí/caomhnóírí i láthair i rith bhreithniúcháin an Bhoird.
Céim 4: Breithniúcháin an Bhoird Bhainistíochta agus bearta i ndiaidh na héisteachta
Tar éis don Bhord clos ó na páirtithe uile, tá sé mar fhreagracht ar an Bhord a chinneadh cibé acu an bhfuil bunús leis an líomhain agus, má tá, cibé acu an cóir an mac léinn a dhíbirt nó nach cóir. I gcás go bhfuil fíricí uile an cháis breithnithe ag an Bhord Bainistíochta, agus go bhfuil an Bord den tuairim gur chóir an mac léinn a dhíbirt tabharfaidh an Bord fógra don Oifigeach Leasa Oideachais i scríbhinn, agus na cúiseanna atá leis an tuairim seo (An tAcht Oideachais (Leas), 2000, a24(1)). Ní féidir an mac léinn a dhíbirt go dtí go bhfuil fiche lá caite ón lá ar a bhfaigheann an OLO an fógra i scríbhinn (An tAcht Oideachais (Leas), 2000, a24(1)).
Nóta:
Éireoidh le hachomharc in aghaidh díbeartha, go huathoibríoch faoi alt 29 den Acht Oideachais, 1998 más féidir a léiriú nár cuireadh an tOifigeach Leasa Oideachais ar an eolas de réir alt 24(1) nó nach bhfuil fiche lá caite ón dáta a fuair an tOifigeach Leasa Oideachais fógra go dtí cur i ngníomh na díbeartha (An tAcht Oideachais (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007, a4A). Cuirfidh an Bhord in iúl do thuismitheoirí i scríbhinn faoina thátail agus na chéad chéimeanna eile sa phróiseas. Nuair atá sé beartaithe mac léinn a dhíbirt déarfar leis na tuismitheoirí/caomhnóírí go bhfuiltear anois chun é a chur in iúl don Oifigeach Leasa Oideachais.
Céim 5. Comhairliúcháin arna n-eagrú ag an Oifigeach Leasa Oideachais
Laistigh de thréimhse fiche lá ón dáta a fhaigheann Oifigeach Leasa Oideachais fógra ó Bhord Bainistíochta go bhfuil sé beartaithe acu mac léinn a dhíbirt, ní foláir don Oifigeach Leasa Oideachais:
• gach iarracht réasúnta a dhéanamh comhairliúcháin aonair a bheith ann leis an Phríomhoide, leis na tuismitheoirí/caomhnóirí agus leis an mac léinn, agus le haon duine eile a d’fhéadfadh cabhair a thabhairt
• cruinniú a thionól leis na páirtithe a aontaíonn a bheith i láthair (An tAcht Oideachais (Leas), 2000, alt 24).
An cuspóir atá leis na comhairliúcháin agus leis an chruinniú ná a chinntiú go ndéantar socruithe le go leanfadh an mac léinn lena cuid/chuid oideachas. D’fhéadfadh comhaontú a bheith mar thoradh ar na comhairliúcháin seo maidir le hidirghabháil mhalartach a sheachnódh díbirt. I gcás nach bhfuil sé de rogha leanúint ar aghaidh sa scoil, ámh, sa ghearrthéarma ar aon chuma, ba chóir don chomhairliúchán díriú ar fhéidearthachtaí oideachais eile.
Ar mhaithe le leas oideachais an mhic léinn, ba chóir dóibh siúd atá páirteach sa chás teacht le chéile leis an Oifigeach Leasa Oideachais agus pleanáil le haghaidh todhchaí oideachais an mhic léinn. Go dtí go gcríochnófar na comhairliúcháin seo faoi leanúnachas an mhic léinn san oideachas, féadfaidh an Bord Bainistíochta céimeanna a ghlacadh chun a chinntiú go gcoinnítear smacht agus go gcinntítear sábháilteacht na mac léinn (An tAcht Oideachais (Leas), 2000, a45(5)). Féadfaidh an Bord a bheith den tuairim go bhfuil sé oiriúnach an mac léinn a chur ar fionraí ag an am seo. Déanfar más dócha go gcuirfeadh sé isteach go mór ar fhoghlaim na mac léinn eile dá bhfanfadh an mac léinn seo sa scoil, nó go bhfuil bagairt ann do shábháilteacht na mac léinn eile nó na foirne.
Céim 6. Dearbhú ar an cinneadh mac léinn a dhíbirt
Fiche lá tar éis don Oifigeach Leasa Oideachais fógra a fháil, agus i gcás go bhfuil an Bord Bainistíochta fós den tuairim gur chóir an mac léinn a dhíbirt, dearbhóidh an Bord Bainistíochta i scríbhinn go bhfuil sé cinntithe acu an mac léinn a dhíbirt (d’fhéadfaí an tasc seo a tharmligean ar an Chathaoirleach nó ar an Phríomhoide). Beidh na tuismitheoirí/caomhnóírí curtha ar an eolas láithreach go bhfuiltear chun dul ar aghaidh leis an díbirt. Inseofar do thuismitheoirí agus do mhic léinn faoin gcearta chun achomhairc agus déanfar foirm chaighdeánach a sholáthar dóibh ar a bhféadfaidís a n-achomharc a thaisceadh. Beidh taifead foirmiúil a choinneáil faoi chinneadh mac léinn a dhíbirt.
Achomhairc
Is féidir le tuismitheoir, nó le mac léinn atá níos sine ná ocht mbliana déag d’aois, achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh díbeartha d’Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, (faoin Acht Oideachais, 1998, alt 29). Is féidir achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh ag an Bhord Náisiúnta Leasa Oideachais ar son mic léinn.
An Próiseas Achomhairc
Tosaíonn an próiseas faoi alt 29 den Acht Oideachais, 1998 le hidirghabháil á soláthar ag idirghabhálaí ceaptha ag an gCoiste Achomhairc (An Roinn Oideachais agus Scileanna). Le tuilleadh eolais a fháil faoin bPróiseas Achomharc, agus riachtanais le haghaidh doiciméadúcháin agus na céimeanna sa phróiseas, féach treorú reatha na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Athbhreithniú ar úsáid díbeartha
Déanfaidh an Bhord Bainistíochta athbhreithniú ar úsáid díbeartha sa scoil ar bhonn rialta chun a chinntiú go bhfuil a húsáid i gcomhréir le polasaithe na scoile, go ndéanfar pátrúin úsáide a scrúdú chun gnéithe a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ag imirt tionchar ar iompar sa scoil agus a chinntiú go n-úsáidtear díbirt go hiomchuí.
———————————————————————————————————————
Cuireadh an polasaí athbhreithnithe seo faoi bhráid Bord Bainistíochta na Pobalscoile ar an _____________ agus tá athbhreithniú le déanamh air i _______
Síniú:______________________________
Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta
[subpages]