Ráiteas Polasaí Sláinte agus Sábháilteachta

Ráiteas Polasaí Sláinte agus Sábháilteachta

 

Aithníonn Bord Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair an tábhacht a bhaineann leis an reachtaíocht a cuirtear i bhfeidhm san Acht um Slándáil, Sláinte agus Leas 2005.

Leanann an Ráiteas Slándála amach polasaí slándála An Bhoird Bainistíochta mar aon le cuntas ar na bealaí ina gcuirfear an polasaí sin i gcrích. Is é aidhm an Bhoird Bainistíochta gach dícheall a dhéanamh timpeallacht shlán, shláintiúil a sholáthar dá fhostaithe agus dá dhaltaí uile, agus a dhualgais i leith gach baill den phobal lena mbíonn teagmháil aige a chomhlíonadh.

Éilíonn an polasaí seo comhoibriú ó gach fostaí.

Tá ar intinn ag an mbord athbhreithniú a dhéanamh go rialta ar an ráiteas seo, i bhfianaise a thaithí féin, i bhfianaise athraithe sa reachtaíocht, agus i bhfianaise athraithe ar bith eile a bhaineann le hábhar.

Déanfaidh an Bord iniúchadh slándála go bliantúil.  Déanfar an t-iniúchadh seo níos minice má bhíonn iarratas air sin ón mBord nó ón bhfoireann.

 

Incident Report Log

Déanfar measúnú ar thuairiscí breoiteachta nó timpiste chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm nósanna imeachta a laghdóidh oiread agus is féidir an bhreoiteacht nó na timpistí sin.

Tá an ráiteas seo ar fail d’fhostaithe uilig na scoile agus don Choiste Tuismitheoirí.

Is é Seamus Ó Briain, Príomhoide na scoile, a dhéanfaidh an daingniú, le cuidiú Oifeagach Slándála an Bhoird.

   

Polasaí Sláinte agus Sábháilteachta

  • Is iad seo thíos baill na Bhoird Bainistíochta:

 

Cathaoirleach:                  Bernie Ni Dhuibhir

Rúnaí:                              Seamus Ó Briain

Baill eile an Bhoird:         Ita Uí Ghallchóir, Nigel Mac Phaidín, An tAthair Pádraig Ó Baoighill, Seamus Ó Gallchóir,  Suzanne Ní Ghallchóir, Daithí Alcorn, Pádraig Mac a Bhiocaire, Rosleen Ní Ghairbheith, Leanna Ní Bhaoill.

 

  • Cinnteoidh an Bord Bainistíochta go bhfuil, an fhad agus is féidir, na caighdeáin is airde slándála i bhfeidhm sa scoil, agus go bhfuil ar a laghad forálacha an Achta Um Shlándáil, Sláinte agus Leas i bhfeidhm.
  • Is mian leis an mBord Bainistíochta a chinntiú an oiread agus is féidir:

 

  • Go bhfuil dearadh, soláthar agus cothabháil gach aite i staid ata slán baol do shláinte.
  • Go bhfuil dearadh, soláthar agus cothabháil bealaí isteach agus amach ón scoil i staid atá slán gan baol do shláinte.
  • Deá-dearadh, soláthar agus cothabháil ar fhearas agus ar innealra.
  • go ndéantar nósanna oibre a phleanáil, a eagrú, agus a chur i gcrích ar bhealaí atá sábháilte, i dtreo is nach bhfuil aon bhail iontu do shláinte.
  • Go gcuirfear oiliúint i dteicnicí cearta ardaithe daltaí ar fail don bhfoireann mar aon le hoiliúint maidir le plé le hiompar dúshlánach ins na daltaí.
  • Go soláthrófar pé eolas, oiliúint, traenáil, agus maoirseacht atá riachtanach chun slándáil agus sláinte ag obair a chinntiú do na fostaithe.
  • Go soláthrófar éadach cosanta oiriúnach faoi mar is gá chun sláinte agus slándáil fostaithe a chinntiú.
  • Go ndéanfar cleachtadh agus aithchleachtadh mar is cuí ar phleananna sásúla chun plé le héigeandáil, m.sh. druil thine, plé le gortaithe 7rl.
  • Slándáil agus cosaint ar bhaol sláinte maidir le húsáid aon fhearais nó aon substainte.
  • Soláthar agus cothabháil aiseanna agus socraithe maidir le leas fostaithe ag obair.
  • Soláthar, de réir mar is gá, seirbhísí daoine oilte chun sláinte agus slándáil na foirne oibre a chinntiú.
  • Athbhreithniú rialta an ráiteas slándála.
  • Go leagfar síos próiseas trína raghfar i gcomhairle maidir le sláinte agus le slándáil.
  • Go leagfar síos socraithe chun ionadaí fostaithe maidir le sláinte agus le slándáil a roghnú as an bhfoireann teagaisc.
    • Aithníonn an Bord Bainistíochta go gclúdaíonn a dhualgaisí reáchtála faoin reachtaíocht a chuid fostaithe, daltaí, aon duine a bhfuil gnó dlisteanach leis an scoile aige/aici, agus an pobal.
    • Cinnteoidh Bord Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair go gcuirfear i bhfeidhm forálacha an Achta um Shlándáil, Sláinte agus Leas 2005.

 

Dualgais Fostaithe

  1. Is é dualgas gach aon fhostaí an fhad is atá sé/sí ag obair:

 

  • Cúram ciallmhar a dhéanamh dá S(h)landáil, dá S(h)láinte agus dá leas féin, agus d’aon duine eile a mbeadh tionchar ag gníomh nó ag faillí an fhostaí air/uirthi le linn a t(h)réimse oibre.
  • Comhoibriú lena f(h)óstóir agus le duine ar bith eile ar bhealach a chuirfidh ar chumas an fhostóra nó an duine eile forálacha na reachtaíochta cuí a chomhlíonadh.
  • Feisteas cosanta, fearas, áiseanna nó aon rud eile a soláthraítear (don bhfostaí sin amháin no don bhfoireann tré cheile) úsáid ar bhealach a chinntíonn sláinte agus slándáil an fhostaí sin agus duine ar bith eile
  • Aon mháchail nó aon locht ar an láthair oibre, nó ar aon fhearas, nó ar aon innealra, nó ar aon nós imeachta a chur in iúl don Bhord Bainistíochta a luaithe is a tugtar faoi deara é.
  1. Ní chuirfidh aon duine isteach le míchúramaí no d’aon ghnó ar aon fhearas, ar aon fheisteas cosanta, nó ar aon earra eile a sholáthraíonn an ord chun críche forálacha reachtaíochta sláinte/slándála a chomhlíonadh.
  2. Cinnteoidh fostaithe, tri úsáid a bhaint as an bhfearas agus as an haiseanna a soláthraítear, go gcuirfear obair i gcrích ar na bealaí is cúramaí agus is sláinte is féidir.

 

Eolas agus Comhairle

Is é polasaí Bhoird Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair:

  • dul i gcomhairle leis an bhfoireann nuair atá Ráiteas Slándála agus Foirmeacha Smachta Guaise a n- ullmhú.
  • cóip don ráiteas Slándála a thabhairt do gach ball foirne atá agus a bheidh sa scoil.
  • go gcuirfear aon eolas breise, nó aon treoracha maidir le Sláinte, Slándáil agus Leas nach bhfuil sa ráiteas seo ar fail d’fhosaithe faoi mar a thagann se ar láimh go dtí an Bord.
  • go mbeidh an Ráiteas slándála seo ina chuid dhílis d’aon traenáil agus d’aon phlean forbartha foirne sa todhchaí.

 

Contúirtí

 

Cuirfidh an Bord Bainistíochta agus an fhoireann liosta contúirtí le chéile.  Beifear ábalta cuid de na contúirtí a dhíchur, ach beidh cuid acu nach bhfuil aon leigheas orthu.

Contúirtí gur féidir iad a leigheas, déanfar sin a luaithe agus is féidir faoi mar atá leagtha síos sa ráiteas.

Liostáiltear go soiléir iad siúd nach bhfuil aon leigheas orthu, agus leagfar síos polasaí agus nósanna chun an baol a bhaineann leo a mhaolú an oiread agus is féidir.

Déanfaidh an Bord Bainistíochta i gcomhar leis an bhfoireann monatóireacht rialta ar leigheas contúirtí.

 

Contúirtí Faoi Leith

  1. Tine

Is é polasaí Bhoird Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair go:

  • Soláthrófar go leor múchtóirí tine a phléifidh le tine d’aon chineál.
  • Go ndéantar seirbhísiú rialta ar fhearas tine.
  • Go ndéantar druil tine sa scoil ar a laghad uair sa bhliain.
  • Go dtugtar oiliúint mar is cuí in úsáid múchtóirí tine de chineálacha éagsúla.
  • Go bhfuil an t-aláram tine marcáilte go soiléir.
  • Go bhfuil comharthaí ann a chuireann in iúl go soiléir do chuairteoirí cá bhfuil bealaí amach.
  • Go múchtar no go ndiphlochoidtear fearas leictreach lasmuigh d’uaireanta oibre no nuair a bheidh seomraí folamh ar feadh tréimhse fada.
  • Go dtuigeann gach aon duine go bhfuil láthair tionóil éigeandála.
  • Má tá ball foirne ar bith ag fágáil an fhoirgnimh le linn uaireanta scoile, go gcuireann sé/sí an méid sin in iúl don phríomhoide no don leas phríomhoide.
  • Go bhfuil bealaí éalaithe marcáilte go soiléir.
  • Nach gcoimeádtar buidéal gais i stór sa bhfoirgneamh, ach amháin sa seomra innealtóireachta.
  • Go bhfuil an scoil agus fearas na scoile seiceála mar is cuí ag oifigeach tine, agus go bhfuil a chuid treoracha curtha i bhfeidhm.

 

 

Contúirtí Buana

  1. Innealra, fearas cistine, saotharlann agus fearas leictreach

Is e polasaí an Boird Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair nach mbainfidh ach daoine atá inniúil ar an obair úsáid as fearas mar atá luaite thuas. Déanfar iniúchadh rialta slándála ar an bhfearas agus ar an innealra sin.

  1. Ábhar Ceimiceach

Is e polasaí Boird Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair go gcoimeádfar aon ábhar ceimiceach, gallúnach, ábhar glantacháin eile i mboscaí a bhfuil lipéadaí soiléire orthu ag míniú an ábhair sa bhosca agus rialacha a úsáidte.  Coimeádfar ábhar den chineál sin faoi ghlas i stór na nglantóirí agus sa seomra eolaíochta.  Déanfar soláthar ar pé fearas cosanta is ga chun ábhar den chineál sin a úsáid.

  1. Drugaí agus Leighis
    • Is é polasaí Boird Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair go gcoimeádfar gach cóir leighis i gcófra sa oifig na scoile. Beidh doras an cófra sin faoi ghlas i gcónaí ach nuair atáthar a úsáid.
    • Is é polasaí Bhoird Bainistíochta gan aon chóir leighis a chur ar phian d’aon tsaghais. Má bhíonn aon bhall foirne buartha faoi pháiste, déanfar teagmháil le tuismitheoirí/caomhnóir an pháiste, nó le dochtúir.
    • Iarrfar ar gach teaghlach foirm éigeandála a líonadh a thugann eolas don scoil conas teacht ar thuismitheoir/caomhnóir an pháiste más gá sin.
    • Sa chas go mbíonn páiste tinn agus go dteipeann ar fhoireann na scoile teacht ar an tuismitheoir/caomhnóir faoi mar atá ar an bhfoirm éigeandálaí, is é polasaí an Bhoird Bainistíochta go ndéanfaidh foireann teagaisc na scoile pé socrú a mhothaíonn siad a bheith riachtanach chun sláinte an pháiste a chosaint, i.e., é/í a thabhairt chuig dochtúir nó ospidéal, nó pé socrú eile a mhothaíonn an fhoireann a bheith riachtanach san cúinsí faoi leith.
    • Sa chas go bhfuil antaibheathach na cóir leighis eile a thógaint ag páiste, ní ceadmhach do bhall foirne an chóir leighis sin a thabhairt don pháiste gan cead bheith faighte ón Bhord Bainistíochta tríd an gnáth chóras scoile.

Slándáil

  1. Iarrtar ar phaistí rialacha na scoile ó am go ham, agus ordaithe múinteoirí maidir lena slándáil a chomhlíonadh go beacht agus go tapaidh.
  2. Níl cead ag aon pháiste talamh na scoile a fhágáil le linn am scoile gan tuismitheoir bheith in éineacht leis/lei.
  3. Ní mór do gach páiste cúram a dhéanamh dá shlándáil féin agus do shlándáil paistí eile.

Saoránaíocht

  1. Ní mór do pháistí aire a thabhairt do shealúchas na scoile, na bpáistí eile, agus na múinteoirí.
  2. Caithfear íoc as aon damáiste a dhéanann páiste d’aon ghnó.
  3. Coimeádfar an clos glan.
  4. Tugtar aire don timpeallacht na scoile.
  5. Seachnaítear drochchaint agus iompar garbh drochbhéasach.
  6. Má mhothaíonn aon mhúinteoir faoi bhagairt ag aon duine faoi leith agus an múinteoir i mbun oibre, díreofar aird an Bhoird Bainistíochta ar an fhadhb.

I gcas ar bith den chineál sin, cinnteoidh an Bord go ndéanfar an múinteoir

(nó aon fhostaí eile de chuid an Bhoird) a chosaint ar mhí-úsáid.

 

Garchabhair

Is é polasaí Boird Bainistíochta Pobalscoil Ghaoth Dobhair:

  1. Beidh boscaí garchabhrach ar fáil, agus iad líonta go cuí.
  2. Tabharfaidh aon mhúinteoir a bheidh ag tabhairt paistí ar thuras spóirt ceann de na boscaí seo in éineacht leis/léi.
  3. Beidh uisce té agus gallúnach ar fáil i gcónaí.
  4. Beidh Defibrillator ar fáil sa scoil agus ní bheidh cead ach ag duine cáilithe é a úsáid.

 

Cuireadh an polasaí athbhreithnithe seo faoi bhráid Bord Bainistíochta na Pobalscoile ar an ________ agus tá athbhreithniú le déanamh air i _______

 

Síniú _________________________________

Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta

[subpages]

Íoslódáil an Polasaí seo